9.5.13

Dleatheach ach mícheart?

Is uirlis an-mhaol é an dlí áfach agus mar a theaspeáin Dónal Ó Conaill (agus sa chás seo An Cúirt Uachtarach) dúinn, is féidir cóiste agus ceithre chapaill a rith tré reacht ar bith! Tharais sin an féidir leis an dlí a bheith mícheart?

Is ceart dom a rá ar dtús nach n-aontaíom le breithiúnas na Cúirte Uachtaraí i gcás X a deireann, ina éifeacht, go bhfuil beatha an máthar níos tabhachtaí ná beatha an linbh ina bhruinne. Dár liomsa is duine é an linbh céanna atá faoi choimirce agus le caomhnú ag an máthair, agus ag an athair. Is duine é an leanbh ó neomad a thuismiú is cuma conas a gineadh é. Tagann chuid den tuairim seo ó teagasc na h-eaglise Caitlicí ar ndóigh.  Creidim, tharais sin, cé nach bhfuil sé i gcreidimh sonrathach na hEaglaise sin, ach gur léir é i dteagasc Eoin Pól II, nach ceart aon duine a mharú - bíodh sé no sí neamhoirchóideach nó urchóideach! Níl cead ná cumhacht mar sin ag an stáit duine a dhaoradh ná a chuir chun bháis.
Céard is Duine ann? Chuireann Aonghus Ó hAlmhain an cheist bunúsach! (16/5/2013)

Cás na Gaillimhe
Dár liom féin i gcás na Gaillimhe, a thosaigh an díospóireacht seo, ní cabhródh an dlí nua seo atá ar intinn ag an Rialtas leis. Is cosúil, ón méid atá ráite ag a fhear chéile bocht, chuigh a bhean isteach san oispidéal i ndrochchaoi. Dúradh leí nach raibh seans dá laghad go sabháladh a páiste agus go raibh sí chun é a cailiúnt i gcionn tamall gearr. Rud nár thárla mar thóg sé i bhfad níos mó ama nár sin. Is tré "mífhortún leighis" a fágadh í go dtí go raibh sé ró dheireannach. Dár liomsa, agus ní dlíodóir ná saineoilaí leighis mé,(nó fiú diagaire!), ba ceart do na dochtúirí cabhair a thabhairt don máthar an leanbh a thabahiart chun breithe fiú nuair a bhí a chroi fós beo. Dár lioms ní dúnmharú a bheadh i gceist. (Ach táid ann a deireann go mbeadh sé i gcoinne an dlí agus bfhéidir go bhfuil an ceart acu.) Féach leis "Foirceannadh toirchis nó ginmhilleadh!" (Nollaig 2012)

Ach thár n-ais chuid an dlí nua seo atá á fhógairt ag an Riaitas. Már a dúirt mé tá mé den tuairim go raibh an Chúirt Uachtarach mí ceart ina mbreithiúnas. Is laige b'fhéidir i gcóras daonlathais goyr féidir le cúirteanna a bheith mícheart anois is arís ach i gcás na Cúirte Uachtaraí ní fios dom bealach a chuid breithiúnais a "cheartú!"

Tá sa bille seo iarracht breithiúnas bhunreachtúla na cúirte a chuir i bhfoirm dlí. Níl locht agam ar an rialtas faoi sin. Is léir gur ceart dóibh rud éigin a dhéanamh nuair a deireann an cúirt leo é a dhéanamh, cé go bhfuil an-chuid chásanna eile, cásanna i leith na Gaeilge ina measc, nuair nach ndearnadar rud ar bith. Ach sa cás seo tá siad chun lá a chuir i bhfeidhm a rialaíonn caithin is ceart deireadh a chuir le beatha duine gan breith (agus mar sin neamhoirchóideach).

Deireann Bunreacht na hÉireann:
"Admhaíonn an Stát ceart na mbeo gan breith chun a mbeatha agus, ag féachaint go cuí do chomhcheart na máthar chun a beatha, ráthaíonn sé gan cur isteach lena dhlíthe ar an gceart sin agus ráthaíonn fós an ceart sin a chosaint is a shuíomh lena dhlíthe sa mhéid gur féidir é. "

Fasach?
Maidir leis an mbille nua seo bhí alt spéisiúil ag an iar-thaoiseach John Bruton faoi seo sna nuachtáin a theaspeáineánann laige eile ann. I gcás bhaoil féin-mharú mar shampla tá an seans ann go bhfuil se ag cruthú fasach (agus bfhéidir fasach áititheach) i gcásanna nach mbaineann le ginmhilleadh ar chor ar bith. Is fiú go mór an alt (gearr) seo a léamh anseo (Béarla).

Ta ceann acu ráite go gonta i litir a bhí san Irish Times i mBéarla le déanaí:

"Sir, – If potential suicide is considered adequate reason for termination of pregnancy should it be considered adequate reason for termination of debt? – Yours, etc,

PADRAIC NEARY, Tubbercurry, Co Sligo." 

(IT 2/5/2013)

Ar bhealach ní thuigim-se féin, agus ní fheadfdh aon fhear a thuiscint go bunúsach na cásanna seo. Is féidir linn-ne go teoriciúil agus go teibí an cheist seo a phlé. Léas píosa ar line ar maidin a léirigh dom-sa an baol atá ann i mbreithiúnas na cúirte agus sa dlí nua seo atá beartaithe. Ceann de na cásanna atá i mbéal an pobal is ea "Cás C" agus bhí an bean seo sásta labhairt amach go poiblí faoi, ag caoineadh bás a linbh i 1997 (Béarla)

Ar deireadh b'fhéidir gur fiú breathnú siar ar shean-doiciméid a scríodh idir 40 AD agus 100 AD: "Ní mharóidh tú an ghin trína ruagairt agus ní chuirfidh tú an naoionán nuabhreithe chun bháis!" (Didache 2.2).

Agus bfhéidir, gur ceart dúinn ceist a chuir orainn fhéin más Críostaí muid: Céard a dhéanfadh Críost féin? Cad a rinne sé nuair a ionsaíodh é? Bhí seanmóin gearr ag an bPápa Nua ar an Sathairn (4 Bealtaine 2013) leis an fhreagra. Briathair Dé agus Ceansacht & Umhlaíocht (Béarla).

2 comments:

  1. A Eoin,

    Alt tuigseanach!

    Mar a dúirt mé in áit eile, sílim go bhfuil Cogadh an Dá Mhoráltacht ann, in Éirinn, mar atá ar fud an domhain faoi gnéithe difriúla, agus is cath sa chogadh sin, Ceist na Ginmhillte in Éirinn.

    Ar thaobh amháin, tá moráltacht na gCríostaithe a mhaíonn ós ag Dia atá údarás beatha, ní ceart an duine teacht roimhe. Ach tá tionchar na Críostaíocht ag laghdú in Éirinn, agus a chónách sin uirthi.

    Ar an darna taobh, tá, bhuel, saoltacht, nó saecúláracht, nó Aigne an Duine suas, lena bhfuil tosaíocht ag mianta duine, mianta dhílse an duine seachas mianta an duine mar bhall den phobal. Agus in Éirinn, tá an "mohráltacht" seo ag bailiú nirt.

    Tá daoine ag scairteadh mar gheall ar chearta, ach i ndeireadh na báire, is cogadh ar son tionchar na moráltachtaí difriúla atá ann.

    Agus anois go bhfuil dealramh na Críostaíochta in ísle brí in Éirinn, líonfar an fhoilmhe le saoltacht cóir maireach!

    Tráth, bhí Éire ina tír Críostaí, ansin, chas sí ina tír iarChriostaí. Anois, tá sí ina tír frithChríostaí.

    Diaidh ar ndiaidh a thógtar na caisleáin saoltachta!!


    Fearn

    ReplyDelete
  2. Tuigim do chás, a Eoin, agus tuigeann tú, is dócha, nach n-aontaím leat sa léirmheas a mhaíonn tú. Ach deir tú : Ar bhealach ní thuigim-se féin, agus ní fheadfadh aon fhear a thuiscint go bunúsach na cásanna seo. Aontaím leat ansin. Mora dhuit.

    ReplyDelete