Nuair a bhíomar ar an gClochán le cáirde, i rith na seachtaine seo caite, chuamar ar siúlóid gearr thios chuig an céibh ann. Is ansin a thug mé faoi deara faoileán aonarach ina sheasamh ar charraig amuigh sa bhfarraige. Bhí sé ró-fhada amach le pictiúir a thógaint le mo fón phóca agus bhain mé trial as an zúm ar an ceamara. Seo h-é an pictiúir!
"Tá tú uaigneach..." |
Deirtear go mbíonn an faoileán áirithe (An Faoileán Bán) seo suite in iarthar na tíre, go mór mór i gContae na Gaillimhe agus Muigheó! Faightear é, ní h-amháin ar an gcósta, ach ar locha istig sa tír chomh maith. Bíonn sé ann ar feadh na bliana ach tagann tuille acu i rith an gheimhridh ó Alban agus críoca Lochlainn le saoire a caitheamh in Éirinn.
Is cosúil go bhfuil uimhreacha den fhoileáin seo ag isliú beagáinín mar tá an méid d'éin ghóir ag titim. Borradh i líon an mhinc Mheiriceánaigh ceann de na cúiseanna dár le na saineolaithe.
Bhí amhráin deas ag ár bpáistí ar scoil:
Faoileán, faoileán ar an trá,
Tá tú uaigneach, cén fáth?
D’imigh, d’imigh d'imigh grá mo chroí.
D’fhág sí mé liom féin
Is d’imigh sí.
Faoileán, faoileán ar an trá,
Ná bí uaigneach mar atá.
Fillfidh fillfidh fillfidh, Grá do chroí.
Tuigeann sí go binn
Gur geal leat í.
No comments:
Post a Comment