4.11.13

Comórtas Scríbhneoireachta Nua-Ealaín!


Tá an moltóir fógartha do chomórtas scríbhneoireachta Nua-Ealaín! Tá áthas orainn a rá gur é an t-údar agus foilsitheoir Darach ó Scolaí a bhéas ag déanamh scrúdú ar na h-iontrálachaí. Tá trí seachtaine fágtha le bheith ag scríobh!

Scríbhneoir agus foilsitheoir é Darach. Ghnóthaigh a úrscéal An Cléireach (Leabhar Breac, 2007) Duais an Oireachtais 2007 agus Gradam Uí Shúilleabháin 'Leabhar na Bliana 2008'.

Léiríodh ceithre dhráma leis, Coinneáil Orainn (2004), An Braon Aníos (2005), Craos (2007), agus An tSeanbhróg (2008), chomh maith le drámaí raidió, na gearrscannáin Cosa Nite agus An Leabhar, agus an tsraith teilifíse Na Cloigne (TG4, 2010). Is stiúrthóir é ar an teach foilsitheoireachta Leabhar Breac. Tá cónaí air i gConamara.

Faoin gComórtas
Tá Nua-Ealaín ag tabhairt cuireadh do scríbhneoirí na Gaeilge páirt a ghlacadh i gcomórtas scríbhneoireacta nua! Má tá spéis agat a bheith i do Chriticeoir Ealaíne, seo é do dheis.

Tá siad ag lorg léirmheas gearr (400 focal ar a mhéid) ar aon taispeántas comhaimseartha ealaíne, ar siúl in Éirinn roimh an spriocdháta. Tá an comórtas seo maoinithe ag Foras na Gaeilge.
Tá €150 le fáil ag an mbuaiteoir, €50 don dara háit, agus foilseofar na hiontrálaí is fearr ar an suíomh idirlíne Nua-Ealaín. Tá na rialacha simplí agus níl aon chostas iontrála i gceist!


Spriocdháta: 5pm 24 Samhain 2013.

No comments:

Post a Comment