6.7.26

Peig.

Tá an méid cloiste agam faoi Pheig Sayers go raibh cineál náire orm nach raibh sé léite agam. Mar sin nuair a bhi me í gCharlie Byrnes (Béarla) le déanaí ag breabhsáil liom tháining mé a chóip den leabhair iomráiteach ann agus cheannaigh mé é.

Peig & a dúidín!
Bhí beagáinín eolais faoin mbean ar ndóigh, go raibh cos amháiin san uaig agus an coss eile ar a bhruach, go raibh chónaí uirthe sna Blascaoidí agus go raibh bua na scéalaíochta aici. Ach tharais sin is beag a bhí ar eolas agam fuithí. 

Bhí fuath ag an-chuid daltaí scoile ar a leabhair. Bhí orm dul isteach san oispidéal le déanaí agus thóg mé an leabhair isteach liom. Chonaic duine de na hailtirí é agus thosaigh sí ag gearán faoi agus gur brúadh uirthi é agus í ar scoil. Bhí an leabhair thosaithe agam ar nóigh agus dúirt mé leithí cé chomh suimiuil is a bhí sé léamh ar cúrsaí an tsaoil céad bliain nó mar sin ó shin.

Rugadh Peig sa bhliain 1873. Rugadh duine den mo shean aithreacha sa bhliain 1871 agus is cuimhin liom eisean. Is cuimhin liom a bás a

sa bhlian 1958 fuair mo shean athair bás sa bhliain 1953. Sa bhealach ní duine stairiúil a bhí inti mar sin. Ní as a oileán ar dtús í mar rugadh í i bParóiste Dhún Chaoin i gCorca Duibhne í agus phós sí fear ón oileán mar a chaith sí an chuid is mó dá saol.

Tosnaíonn sí sa leabhair ag caint faoi bheith ina cailín óg agus ag dul ar scoil - scoil a mhúin tré Bhéarla nach raibh aici ag an am. Tá an chuid sin dá saol an spéisiúl agus cuid de greanmar go leor. Déanann sí chur síos ar a cuid eachtraí agus ar a cáirde ag tús an chead seo caite.

Rud nach raibh fhios agam bhí sí i "seirbhís" i dtithe móra sa Daingean - obair crua is cosúil ach ba chailín le spiorad cé go raibh sí sásta toil a hathair a dhéanamh nuar a fuair sé a céad post di. Ach ní raibh sí ró shásta mar chailín aimsire. Nuiar a chuaigh duine dá cáirde go dtí an "Oileán Ur" gheall sí go gcuirfeadh sé airgead chuig Peig dul siar. Ach theip ar an seift sin mar ní raibh a chara ábalta an tairgead a thabhairt di.

D'fhág sin Peig bocht i bponc. An leanfadh sí mar cháilín aimsire? Ach tagann casadh ar an scéal ansin.

Is é seo an píosa is suimiúla sa leabhair dár liom. Lá amháin "i dtosach na hInide bhí Seán (a deartháir) sa Daingean ... dúirt sé liom go scéal nua aige ... 'Scéala cleamhnais a chailín' ..." Tá an méid sa scéal sin nach bhfuil ar eolas againn. Conas ar éirigh nó cén fáth ar thárla seo? Cad a thárla sa Daingean? Conas ar bhuail Seán leis an bhfear ón oilean, cén chomhrá a bhí acu lena chéile. Ní hinstear linn!

"Cé hé an fear?" arsa Peig. "fear ó oileán, buachaill mín macánta, agus fear maith leis. Tá súil agam go ndéanfaidh rud orm. Beidh siad ag teach chugainn oíche éigin" Ní mó ná sásta a bhí Peig lena deartháir!

Tháing triúr fear an doras isteach trí oíche ina dhiaidh san. Ní raibh fhios aici cérbh é a fear a bhí roghnaithe. Thosaigh duine acu ag caint lena hathair agus ag an deireadh tháining a hathair cuichi.

"An raghaidh tú don Oileán?" Thuig Peig go raibh "rogha de dhá chranna mo bhos agam ... pósadh nó dul in aimsir arís!" Ar deireadh labhair sí,

"Níl aithna ná eolas agam ar mhuintir an Oileán, acch tá aithne agus eolas maith agatsa orthu, agus an rud is maith leatsa is é is maith liomsa. Raghad pé áit a déafaidh tú liom!"

Bhí an pósadh ann a triú lá ina dhiaidh san nuair a phós sé le Pádraigh Ó Guithín ar an mBuailtín.

An chuid eile den leabhair faoina shaol chrua ar an Oileán. Is cosúil go raibh sí sásta lena fear agus lena saol ann. Bhí an saol go crua agus d'imig na páiste ar imirce nó cailleadh iad. Tháinig stainséirí chuif a oileán ag lorg béal oideas agus is as sin a scríobhadh an leabhair a foilsíodh sna triocóidí (nuair a bhí sí sna seacscaidí).

An leabhair a bhí oiriúnach do na scoileanna? Cinnte ní raibh sé oiriúnach mar chuid den siolabas Ghaeilge. Bheadh sé i bhfad níos oiriúnaí mar ábhar Staire nó Stair Shoisíalach. Tá saibhreas na teanga ann cinnte ach ní mór máistreacht éigin sa teanga a bheith agat roimh ré dár liom. Ni leabhair teanga é ach leabhair staire shóisialaigh é.

Bhain mé taitneamh as.


• Peig; Comhlucht Oideachas na hÉireann: Máire ní Chinnéide a dullmhaigh an chéad eagrán 1936. (Eagrán Scoile)