21.8.14

Brón ar an mbás!


Nuair a bhí mé óg bhí an dán seo le foghlaim againn ar scoil - "Caoineadh isea an dán seo!" Is dócha gur bhog sé rud éigin i mo chroí agus gur thuig mé an luach atá againn sa teanga. Ar bhealach is de bharr na rannaíochta seo atá an grá dár dteanga i mo chroí go fóill níos mó ná caoga bliain ó shin.

Ochón! a Dhonncha, mo mhíle cogarnach, fén bhfód seo sínte;
Fód an doichill ina luí ar do cholainn bhig, mo loma-sceimhle! 
Dá mbeadh an codladh so i gCill na Dromad ort, nó in uaigh san Iarthar
Mo bhrón do bhogadh, cé gur mhór mo dhochar, is ní bheinn id’ dhiaidh air

Is feoite caite ‘tá na blátha scaipthe ar do leaba chaoilse
Ba bhreá iad tamall ach thréig a dtaitneamh, níl snas ná brí iontu;
Is tá an bláth ba ghile liom dár fhás ar ithir riamh ná a fhásfaidh choíche     
Ag dreo sa talamh, is go deo deo, ní thiocfaidh ag cur éirí croí orm.

Och a chumannaigh! Nár mhór an scrupall é an t-uisce do do luascadh,
Is gan neart i do chuisleannaibh ná éinne i ngaire duit a thabharfadh fuarthan
Scéal nár tugadh chugam ar bhaol mo linbh ná ar dhéine a chruatain –          
Ó! Is go rachainn go fonnmhar ar dhoimhin-lic Ifrinn chun tú a fhuascailt.

Is cosúil gur fear as Chiarraí* a scríobh é agus é ar deoraíocht i Springfield (Mass, SAM.) Bádh a mhac óg, dhá bhliain deag tá mé ag ceapadh, agus scríobh sé an dán seo. Sílim gur fhoilsigh an Piarsach an dá seo sa Chlaíomh Solais sa bhliain 1906 ach chuile seans go bhfuil dul amú orm.

Pé sceal é is dán álainn é atá íontach brónach.

*Pádraig Ó hÉigeartaigh a bhí ar údar an dán seo agus tá beathfhaisnéis gearr anso scríofa ar shuíomh ainm.ie.


1 comment:

  1. Cinnte, tá cumhacht bhog i bhfilíocht.


    Fearn

    ReplyDelete