28.10.15

Nuacht seachto bliain sean!

Fuair mé brontannas le deanaí de mhacasamhail den gcéad leathannach den Irish Times don 25 Deireadh Fómhair 1945.

Bhí an cogadh mór díreach thart agus bhí nuacht faoi chúrsaí a bhain leis sin ann mar shampla "Quisling executed secretly!" Bhí nuacht faoi stoirmeacha ar an gcósta agus tuairisc ar cheist a cuireadh i bpairlimint Westminster, "Why Britain gave Ireland more tea!"

Agus bhí cursaí Gaeilge sna hollscoileanna á phlé is cosúil chomh maith ag Úachtarán na hÉireann ag an am, Seán T. Ó Ceallaigh. Bhí sé ag caint ag cruinniú bliantúil Chomdháil Náisiúnta na Gaeilge agus bhí an Taoiseach san am sin i láthair chomh maith. N'fheadair cad a gceapafadh siad faoin slad atá déanta ag na húdaráis agus deireadh curtha acu leis an gcómhdháil féin?

Alt eile atá ann ná imní an TD General Mulcahy (FG) faoin gcealú údaráis áitiúil ag an Rialtas (F). Spéisiúil sa lá atá inniú ann agus údaráis áitiúil curtha ar ceall ag an Rialtas seo (FG-LO) agus caint ar chinn eile a nascadh le chéile.

Ar ndóigh tá píosa ann ag rá "Seven new Barons created!" Agus tá tuairisc faoi tine mór, 40 tonna fhéir, ar fheirm sa  Chúlóg. N'fheadair cé mhéid feirmeacha atá san áit sin anois!

An príomg scéal áfach mar an moill a cuireadh ar eitileán Meiricánach ag Aerfort Rineanna leis na stoirmeacha 80 míle san uair. Is cosúil go dtóg an turas treas Atlantach ó Gandar go hÉirinn timpeall 8 go leith n-uaire.

Agus bhí fógraí ann do Pigotts (Gramaphone Records), Switzers (lonnaithe san áit a bhfuil Brown Thomas anois), Tullamore Dew, agus Murdock's (Crua earraí - Dún Laoghaire & Bré). Bhí na ceithre chinn sin ar bharr an leathanach ar an dá thaobh de theideal nó ainm an nuactáin. Bhí dhá fógraí ag a bun, "..On every score Cork!" Odeacork don úrlár (O'Dea & Co, Sr. Wolfe Tone). An dar ceann ag a bun ná ceann le málaí do na mná ó Cassidy's (Sr Seoirse, BÁC).




1 comment:

  1. Muise! Níl fhios agam an raibh Máirtín Ó Cadhain fós i ngeibhinn ar an lá úd.

    Seacht mbarún agus cupán tae do na hÉireannaigh? Is léir go raibh an IT chomh gallda agus a chuireadh síos dó, ag cuimilt boise an chinsil an am úd, agus ag déanamh bolgchainte an mheánaicme galldaithe an lá inniu.

    Fearn

    ReplyDelete