4.5.15

Grá, Comhionannas, Cothramaíocht?


Tá an reifreann thárt agus an "bua" ag "Tá" mar sin tá an Bhunracht aithrithe. Tá alt machnamhach scrite (agus inste ar Raidío na Gaeltachta 11 Meith 2015) ag Ciarán Dunbar: An ann don chomhionannas. (Nós)

Ní minic a scríobhaim rud a ghortódh cáirde liom. Bhí drogall orm é seo a scríobh ach tá mé á scríobh mar go gcreidim go bhfuil dul amú agus mí thuiscint ag baint leis an reifreann atá le bheit ann ag deireadh na míosa seo.


“Féadfaidh beirt, gan beann ar a ngnéas, conradh pósta a dhéanamh de réir dlí.”
An cheist bunúsach nár freagraíodh in aon áit go bhfios dom ná, cad go díreach is pósadh ann? Cén fáth go bhfuil a leithéid ann?

Grá
Táthar ag rá gur vótáil ar son an grá atá le bheith ann. "Is annamh go mbíonn seans vótáil ar rud chomh trasfhoirmithe leis an ghrá againn!" a bhí ar chúntas giolchaireachta an Taoisigh (Béarla 16/4/2015).

Ach an mbíonn grá i gcónaí i bpósadh. Féach ar cleachtas in aimsir shean chara na Béarlóirí, Peig Sayers. Lá tháinig a deartháir chuici. Dúirt sé go dtiocfadh triúr fear go dtí an teach lá nó dhó ina dhiaidh sin leis an gcleamhnas a dhéanamh. Is beag rogha a bhí ag Peig ach glacadh leis.  ‘Bhí gach aon duine acu ró-mhaith d’fhear domsa dá mbeinn seacht n-uaire níos fearr ná mar bhíos.’ Bhí ar Pheig rogha a dhéanamh agus bhíodar pósta i gceann cúpla lá agus gan aithne acu ar a chéile. Cá raibh an grá ann? Ach pósadh a bhí ann agus is dócha gur fhás an grá as an bpósadh féin.

"Bhfuil grá agat dom?"
Tá radharc sa ceoldráma "Fiddler on the Roof," in gcuireann an athar sa scéal, Tevye ceist ar a bhean, Golda, "Golda, an bhfuil grá agat dom!" Agus is fiú a ndísréad (Béarla) a léamh. Tá an chuid de bhfealsúnacht an bhfíor phósadh le feiscint sna focail tá mé ag ceapadh. Agus muid ag caint faoi seo tá mé ag smaoineamh ar rud a dúirt oidhre choróin Shasana sular phós sé, "Cad is grá ann?"

Níl mé ag rá nár ceart grá a bheith ann ach an pointe atá mé ag iarradh a dhéanamh nach grá a thugann beirt le chéile i gcónaí tá an pósadh i bhfad níos casta ná san. Bhfuil ciall leis an sean nathán Béarla "I know there's love there, but though there's love there, there's dough there too but..!"

Comhionannas nó Cothramaíocht
Tá rud eile a deirtear gur ar son "Comhionannas" is ceart dúinn ár vóta a caitheamh. Ach an bhfuil muid ag rá gur ionann pósadh idir daoine leis an gnéas céanna agus an pósadh? Bhí duine ar chlár Cormac ag a cúig le déanaí agus rinne sé an pointe seo: nach ionan comhionnas agus cothramaíocht (Antoin Mac Unfraidh muna bhfuil dul amú orm).

Déarfaidh mé mar seo é. Tá cothramaíocht is in ainm a bheith idir fir angus mná. Ach ní h-ionainn iad. Tá siad difiriúil óna chéile.

Ar an gcaoi céanna tá me ag ceapadh go bhfuil an caidreamh idir fear agus bean, an conradh eatartha a dtugann muid Pósadh air difriúil ón gcaidremh idir beirt fhear nó beirt bhan. Cad é an difríocht? Uaireanta bíonn toradh ar an gcaidreamh idir fear agus bean nach féidir a bheith ann in aon chaidreamh eile - duine nua. Ní féidir mar sin pósadh idir fear agus bean a bheith comhionann le h-aon saghas conradh eile. Dár liomsa is é sinn bun agus barr an scéal.

San aois seo nuair atá béim á chuir ar an saibhreas iolrachas agus éagsúlacht, shóisialta agus chultúrtha, nach í a mhalairt de thuairim íoslaghdú difríochtaí an duine mar seo a mholadh?

Tréith riachtanach an phósta ná an fhíric bitheolaíochta gur féidir le fear agus bean a bheith páirteach le chéile mar dhaoine fireann agus baineann in aontas atá dírithe chuig giniúint beatha nua.  "Bhfuil seo fíor nó bréagach?"

Ta an-chuid argóintí á thabhairt ag dreamanna éagsúla i gcoinne an reifrinn seo maidir le páiste, cearta tuismitheoirí agus cad is clann é. Ach sílim go bhfuil siad ag díriú ar an rud mícheart. Is ar miniú ar an gconradh féin, conradh an phosadh is ceart a n-aird a dhíriú. "Cad is pósadh ann? Cén fáth a bhfuil pósadh ann?" 

Mar an gcéanna tá an taobh eile ag rá go bhfuil siad faoi leatrom ag an stáit agus go bhfuil gach éinne nach bhfeiceann sin ina "éadulangach" nó níos measa. Agus tá, ar ndóigh, tá firinne sa chaoi is go bhfuil daoine ann gur fuath leo an smaoineamh ar grá a bheith idir mna nó fir dá chéile.  Ach sé an bun cheist gur ceart dúinn díriú air ná "An pósadh é an conradh idir fear agus fear nó idir bean agus bean, nó, an sainmhiniú ar an chonradh idir fear agus bean é an pósadh?" Féach leis ar litir an Ollaimh John A Murphy (Béarla) san Irish Times (13/5/2015) gearr agus intuigthe agus ag deanamh an poinnte céanna.
Tá glactha leis an Reifreann.
Ní bheidh a leithéid de reifreann arís ann a deireann Cathal Mac Coille i dTuairisc.ie (31/5/2015)
Tá ceisteanna eile ann leis le freagairt. An mbeidh cead ag bean a máthair nó ag fear a deartháir a phósadh? Muna bhfuil cén cúis a bheadh le sin? Ceisteanna aisteacha b'fhéidir ach tá siad á chur. Bhí roinnt ceisteanna curtha ag Bruce Arnold in a bhlag (Béarla) agus is fiú iad a leamh má aontaoínn muid nó muna aontaíonn muid leis.

Treoir neamhspleach.
Chuir an Coimisiún Reifreann chuig gach teach sna 26 chontae - tháinig sé chugainn sa phost céanna agus an bille ó Uisce Éireann! Tá dhá ráiteas ann a thagann salach ar a chéile.

"Tá na cúirteanna tar éis a chinneadh gur aontas idir fear agus bean an pósadh ... Má ritear an reifreann, deanfar foráil sa Bhunracht go bhféadfaidh beir posadh, is cuma an den dá ghnéas nó den ghnéas céanna iad."

Ach in áit eile tá seo ann, "Ní bheidh aon athrú ar stádas an phósta sa Bhunracht."

De réir Airteagail 26 den bhunracht is í an Chúirt Uachtarach an cúirt achomhairc dheiridh dár liom. Mar má chuireann Uachtarán na hÉireann bille faoi bhráid na cúirte sin agus "...más é breith na Cúirte go bhfuil aon fhoráil de in aghaidh an Bhunreachta seo nó in aghaidh aon fhorála de, ní foláir don Uachtarán diúltú dá lámh a chur leis an mBille sin." 

Dár liomsa sé na breithiúnais a thugann "na cúirteanna" an léamh is cirte ar an mBunracht ó thaobh dlí dé. Mar sin de réir na Bunreachta, cinntithe ag na cúirteanna, is "aontas idir fear agus bean an pósadh!" Mar sin tá an reifreann chun stádas agus miniú an phósadh i mBunracht na hÉireann a athrú.

Sílim go bhfuil sé soiléir ar chén taobh atá mise sa Reifreann seo. Tá aiféal orm má ghortaíonn mo sheasamh éinne de mo chuid cáirde. I fiú go mór dom a gcairdeas agus ar bhealach tá mé ar buille le na húdaráis a chinn ceist mar seo a chuir ar phobal na hÉireann gan mórán fíor dhíospóireachta. Is cosúiul nach bhfuil an Taoiseach féin sásta dul i mbun díospóireachta faoi.

Dár liom féin go bhfuiul sé soiléir cad é an rud ceart a dhéanamh ar an 22ú lá Bealtaine 2015. Is léir nach bhfuil sé soiléir do a lán.

Go ndéanaimís an rud ceart istigh san mbothán vótaíochta ar an lá!

• Níor bhain mé úsáid as teagaisc na n-eaglaisí d'aon ghnó sa píosa seo thuas mar cheapaim nach rud "creidimheach" é an cheist san agus mar a deireann lucht "Tá" níl an  "ach pósadh sibhialta" atá i gceist. Ach ar ndóigh creidim go bhfuil argóintí ann atá bunaithe i dteagasc na h-eaglaisí, agus i mo chás fhéin sa chreideamh Caitlicaigh.  Tá caint cuíosach fada ar líne ón Dr Diarmuid Martin, Ard-Easpaig Bhaile Átha Cliath gur fiú a léamh mar istig ann tá tuiscint na hEaglaisí atá i gcomhpháirteachas le hEaglais na Róimhe. Arís is i mBéarla atá sé.

• Tá alt i dTuairisc.ie ag Pól Ó Meadhra, a deireann i measc rudaí eile "Tá sé ráite go forleathan faoi dhaoine atá i mbun feachtais i gcoinne an reifrinn seo, nó fiú faoi dhaoine atá ag smaoineamh ar vótáil ‘NÍL’, gur biogóidí iad." Léigh an alt anseo: "Tá an Rialtas agus lucht ‘TÁ’ ag iarraidh an dubh a chur ina gheal orainn…!"

3 comments:

  1. Cuma leis an dlí faoin nGRÁ, mar sé atá i bpósadh de réir an dlí ná CONRADH. Agus níl ag teastáil chun conradh dleathach a dhéanamh ná ‘aois’, ‘tuiscint’, agus ‘cumas intleachtach’. I gcás Pósadh Reiligiúnach, measaim go bhfuil dhá ghné i gceist: gné dhlíthiúil agus gné spioradálta. B’fhearr, measaim féin, go mbeadh córas na Fraince á chleachtadh go forleathan. Sé sin, deilt iomlán a bheith ann idir pósadh tuata agus pósadh reiligiúnach. Déantar an chéad cheann i “Halla na Cathrach” agus an dara ceann, más maith libh a leithéid, i bhfianaise Dé an cibé cléireach is maith libh. Simplí néata, creidim.

    ReplyDelete
  2. GRMA agat a Sheáin. D'fhágas an gné spioradálta agus Dia (Más Féidir) as is mé ag scríobh seo, d'aon ghnó. Bheadh an dearcadh difriúil ar fad dá mbeinn ag roinnt mo chuid tuairimí bunaithe ar an greidimh atá agam.

    Tá an chóras a luann tú sa bhFrainc a gcleachtadh san Iodáil chomh maith agus chuile seans i dtíortha eile. (Is dócha go b'shin an rud a bhí á rá ag Ard-Easpag Ard Mhacha ag an Deireadh Seachtaine!)

    ReplyDelete
  3. de réir mar atá rudaí ag titim amach, is dócha gur mar sin a bheas anseo in Éirinn ar ball, má éiríonn leis an reifreann. Sé sin, go mbeidh pósadh tuata ann do chách gur mian leo conradh dleathach, agus pósadh in eaglais de cibé creideamh atá i gceist do na daoine sin gur mian leo é sin. Spéisiúil: tá trí bhainis agam le freastal orthu i mbliana agus gan aon cheann acu beith 'reiligiúnda'.

    ReplyDelete