Tháinig cailín óg chuig an teach ar Lá 'leStiofáin i mbliana. Bhí prócha ina lámh aici ina raibh dreoilín bocht. Bhí sé ag guairdeall go bríomhar an t-am ar fad.
Troglodytes troglodytes |
Tuigim ar ndóigh gur sean-traidisiún atá ann, nós atá ann leis na cianta - tá cúntas cáiliúil ar bheith ag seilg dreoilín i leabhair Kickham - Knocknagow.
Tá súil agam gur ligeadh amach an dreoilín bocht seo nuair a bhí an cuairtaíocht thart. Go mbeadh saol fada aige.
Ó, mo chreach!
ReplyDeleteNach ndearna tú tairiscint ar á fhuascailt, mar dreoilín ? Cá bhfuil an páiste nach bhfuil craosach? Milseáin, airgead, 7rl?
Nó an ea nach dtugann tú isteach do sceimhlitheoirí? :-)
Athbhliain fá sheán is fá mhaise agat, a Eoin.
Fearn