18.9.17

Áit dúchais Choilm Cille!

(ár dturas ó thuaidh ar lean!)
Thug mé faoi deara san ionad turasoireachta ag Gleann Bheathaigh go raibh ionad bhreithe Choilm Cille sa pháirc náisiúnta. Siúlóid cuíosach fada a bheadh ann ach (buíochas le Dia) bhí bealach eile le tiomáint ann.

Snoíodóireacht ar an gcrois!
Is ceart go mbeadh meas mór ag na Gael ar an bhfear seo. Bhí sé mar inspioráid ag an bPiarsach agus spreag sé é nuair a dúirt sé, "..má faighim bás is ón grá as cuimse atá agam do na Gaeil.." Bhí suim i gcónaí sa naomh seo mar bhí sé mar éarlamh san áit a raibh cónaí i mBaile Lochlainn agus anois tá cónaí orain in aice le Bád agus Toibreacha Cholm Cille. Tá séipéal an pharóiste seo aimnithe ina dhiaidh chomh maith. Tá fuinneoig mór den naomh ann a scríobh mé faoi ceithre bliain ó shin agus tá nascanna ann le cuid de na scéalta agus nósanna thár timpeal a lá (9 Meitheamh)

Áit ciúin as an mbealach atá i nGartán agus tá an áit inar rugadh Colm Cille iargúalta go leor cé go bhfuil na comharthaí boithre go maith. Tá loch ann ach thosaigh sé ag báisteach agus muid ann agus níor éirigh liom mórán pictiúirí a fhail. Tá fógra beag i nGaeilge agus Béarla ann agus greanta air tá na focail:

"Anseo a rugadh 
Colm Cille
521-597
Mac le Féilimidhe agus Eithne
Ríthaighlaigh Ailigh agus Laighean
Mac Mic Chonaill Chulban
Bunaitheoir (?) Ord Mhanach Cholm Cille
In Éirinn agus in Albain"
Tógadh cros mór ar an suíomh ag úinéar Ghleann Bheatha ag tús an feichiú aois agus tá sé ann fós.

Tá paidir deas ag an Ath Diarmuid Ó Laoghaire ina a leabharán "Ár bPaidreacha Dúchais" gur fiú éisteach leis:

"A Naomh Colm Cille, Guigh go grod is go baileach is go dúthrachtach; guigh aduaidh agus aneas; guigh anoir is aniar; guigh anuas agus thuas, abhus agus thall; guigh ar an ais is ar aghaidh, chugat agus uait agus go lá brátha."

Níl ann ach Áiméan mar fhreagra ar sin.

No comments:

Post a Comment