28.4.18

Easpag dallamulógach!


Tá neart sean leabhair nár léigh mé sa leabharlann beag agam. Cheannaigh mé iad le léamh ach ansin níor léigh mé iad ar ábhar amháin nó ar ábhar eile!

Tá an leabhair seo ina measc.* Tá m'ainm agus an dáta taobh istigh den gclúdach - Lúnasa 1975! Ní fios dom cén fáth nó céan áit ar cheannaigh mé é. Phioch mé amach cupla lá ó shin é mar níor léigh mé leabhar le mí anuas.

Scéal an suimiúil atá ann ar thréimhse an chásta in Éirinn. Bhí Éilís I mar bhanríon ar Shasana agus ag brú an creidimh nua ar mhuintir na hÉireann. Ní raibh ag éirí ró mhaith leithí anseo. Cé nach raibh ráth ar a cuid oibre anseo ní hionann sin is a rá go raibh ag éirí chomh maith leis na hÉireannaigh le bheith aontaithe ina coinne.

Is minic a bíonn daoine sa lá atá inniu ann ag caitheamh anuas ar na hEaspaigh agus ag gearán faoin dtionchar atá acu ar chúrsaí polataíochta. Seans nach bhfuil fhios acu cé chomh "lucky" is atáimíd leis an nglúin Easpag atá in Éirinn sa lá atá inniú ann! Ní mór dóibh breathnú ar ar shaol Mhaoilir Mhic Craith, Froinsiasach, a d'iompagh ina Phrotastúnach agus a bhí in a Easpag Caitliceach agus ina Ardeaspaigh Protastúnach ag an am céanna. Is léir nach raibh an córas cumarsáide san laethanta sin ró-mhaith mar thóg sé breis is naoi mbliaina go dtí go fuarathas amach faoi seo sa Róimh. Ach anois is arís sa leabhair tá comharthaí ann go raibh cion éigin don sean Eaglais - níl sé ró shoiléir cé chomh protastúnach is a bhí a bhean Áine agus a chuid páistí.

Bá as cheantair thár timpeall Loc Dearg i ndeisceart Cho. Dún na nGall an lae inniú a rugadh Maoilir. Tá caisleán a mhuintir - nó an méid de atá fágtha de - fós le feiscint ann. Chuaig sé isteach in Ord na bFroinsiasach agus cuireadh sé go dtí chroí lár na Críostaíochta, An Róimh, é le staidéar a dhéanamh. Is sa Róimh a chonaic an fear óg "gné de shaol na heaglaise...an taibhseacht nár shamhlaigh sé riamh."

Oirníodh ina shagart é sa Róimh sa bhliain 1549 agus an bliain dár gcionn toghadh pápa nua Iúl III - fear a raibh "dúil as cuimse aige sa chearbhachas agus i bhfeastaí móra." Is léir ó shaol Mhaoilir as sin amach gur fhoghlaim sé níos mó ó chleachtas chléire a chonaic sé sa Róimh ná a fhoghlaim sé ó na leabhair agus ón scolaíocht a cuireadh chun na Róimhe le foghlaim uatha!

Bhí cúrsaí creidimh, agus polataíochta, in Éirinn agus i Sasana go dona. Bhí Aonraí VIII tár éis bháis agus bhí a mhac óg Eadbhard VI ina Rí ag brú an protustúnachas ar a ghéillsinigh agus ansin ar feadh mí bhí Jane ar an rícathaoir agus ansin Máire I a bhí ina Caitliceach agus thosaigh sise ag brú an Caitleachas ortha ach fuair sise bás sa bhliain 1558 agus ansin bhí Eilís I ina bhanríon ar Shasana. Sa tréimhse tabhachtach sin i stair na hÉireann a chath Maoilir a shaol chasta.

Roghnaíodh ina Easpag ar An Dún & Coinnire ag an bPápa, Pól IV, sa bhliain 1563 agus is léir go raibh caimiléireacht polataíochta sa cheapacháin sin. Lean an nós caimiléarachta sin ar feadh a shaol. Thuig sé go raibh an saibhreas ag lucht na Bainríona agus thosaigh sé ag athrú é féin agus mar thoradh ar an cur i gcéil (a bhí ann ar dtús is dócha) deineadh Ardeaspag ar Chaiseal é ag an Rialtas Shasanacha.

Tá an leabhair lán de chuntaisí ar féastaí, sealgaireacht, uisce faoi thalamh agus cogaidh. Is deachair dúinne sa lá atá inniu ann, a chreidiúnt gur Easpag Chríostaí a bhí páirteach sna cursaí sin. Ach is duine daonna gach easpag agus is dócha go mbíonn "peacaí" eile ag easpaig an lae inniú!

Fuair sé bás ina leaba féin sa bhliain 1622 agus é beagnach céad bliain d'aois. Tá focal sa tseanchas gur iompaigh sé ina Chaitliceach arís sular básaíodh é agus gur Frionsiasach a ghlach isteach san eaglais é más fíor! Tá a thuama fós le feiscint i bhfothrach na Ardeaglaise ar Charraig Chaisil.

An cuid den leabhair a thaitin is mó liomsa ná an cúntas ar an cogadh brónach Naoi mBliana a chuir deireadh leis "ancien regime" na Ghael ag Cath Cionn tSáile 1601. I bhfocail an údair, "choinnigh sid greim scornaí ar na Sasanaigh go ceann coicíse agus ansi, in imeacht aon oíche amháin, théaltaigh na bua uatha agus scaipeadh an dóchas ortha faoi mar a ghlanfaí an drúcht le céad solas na maidine. Níorbh é arm na nIarlaí amháin a treascraíodh ag Cionn tSáile ach an saol Éireannach agus an cultúr Gaelach dar diobh iad. Shíothlaigh fuinneamh na nGael agus chaolaigh siad leo go slítheánta siar sna cnoic agus sna criathraigh."

Ach thár aon rud eile tá beatha an Ardeaspaigh tugtha don saint agus don phléisiúr léirithe go smior ann. Bhí íonadh orm cé chomh iontaobhach is a bhí Rialtas Shasana as agus chomh aineolach is a bhí sia, mar aon le Eaglas na Róimhe, ar chúrsaí na hÉireann.

An féidir a rá go bhfuil mórán athrú ar an scéal san 21ú aois?

* Rógaire Easpaig - Odhrán Ó Duáin, O.F.M., Foilseacháin Náisiúnta Tta 1945.
Bhain an leabhair duais i gComórtas Cuimhneacháin Phiarais Bhéaslaí faoi choimirce Oireachtas 1973

No comments:

Post a Comment