30.9.13

Imeacht ón Róimh!

13/9/2013: Ar an mbóthar arís!

Go luath ar maidin thosaíomar ar ár dturas ó thuaidh go dtí Antibes (Fraincís).

Bhí balla mór imeaglaíoch thrachta na Róimhe romhain agus muid ag casadh ar chlé ar an via Aurelia. Ach d'éirigh linn dul trasna agus ar aghaidh linn.
Lig amach mé! Ag casadh ar chlé!
Is sean-bhóthar Rómánach é an via Aurelia a théann ó thuaidh ar chósta iartharach na hIodáile go dtí teora na Fraince ag Ventimiglia agus uaidh sin i dtollán fada (Galleria del Monte) isteach chuig an Coté d'Azúr.
Sléibhte Liguria agus muid ag dul ó thuaidh ar an via Aurelia!
Thóg an turas timpeal sé nó seacht n-uaire orainn agus stopamar ag na caiféanna ar an autostrada le h-aghaidh cáife. Má iarann tú cáife ortha faigheann tú cupáinín deas láidir iodálach, déanta i gceart. Expresso barantúil mas maith leat, crema ceart air agus gan a bheith ró the! Rud a coimeadfadh tréad eilifint ar bith ina ndúiseacht!

Is Autostrada chuid den mbóthar seo ach cuid eile de, idir an Róimh agus Livorno, is gnáth bóthar atá ann ach ó thuaidh uaidh sin tá an bóthar an mhaith. Ní raibh mórán trioblóid againn leis an dtrácht ar Motarbhalaigh na hIodáile ach bhí tranglam tráchta an-throm ann nuair a shroicheamar cheantair Nice - no Nizza mar a glaoghtar san Iodáil air. Ach thánghamar slán tríd ar ball.

Bhí tuirse orainn nuair a shroich muid an ceann scríbe agus tár éis béile breá Francach chuamar a luí.

Bhí sé i gceist againn cúig lá sosa a ghlacadh sa baile álainn seo.

1 comment:

  1. Fainic ar na péasghadaithe ansin, a dheartháir. Is annamh a tháinig mé slán uathu sa Fhrainc!
    Nach raibh dhá robáil seodra sa Channes in aice leat le deireannas?

    @Nice - no Nizza
    Nach labhartar canúint Iodálaise ann go háitiúl? Tá tá sa chuid is "nuaí" den Fhrainc. Ní dheachaidh sé leis an Fhrainc ach ó bhí corr is céid bliain ann.

    Ach ní raibh Graeham Green buíoch den áit ar chor ar bith. Shíl sé go raibh Nizza faoin Mhafia!

    Fearn

    ReplyDelete