19.1.19

Machnaimh shagairt cheannaircigh léirithe?

Cé chomh dílis is atá aistriúchán dáin?

Anois is arís déanaim tagairt don iris "An Timire" anseo. Tá sé éasca le léamh, altanna gearr ann gur féidir a léamh i gcionn cúpla neomad agus ansin rud eile a dhéanamh. Uaireanta eile spreagann sé chun phinn mé!

Andrzej Jawien - Karol Wojtyla
Thárla sé arís i rith na Nollag agus mé ag léamh aistriucháin a rinne Micheál Ó hUanachán ar dánta de chuid Andrzej Jawien na Polainne. Ar ndóigh b'shin ainm cleite a bhí á úsáid ag an sagart óg, Karol Wojtyla agus é a scríobh in aimsir na gcumanach ina dtír dhúchais. Dár leis an aistritheoir, "gur cheap an fear óg go raibh an fhilíocht seo polaitiúil agus nár chóir a stádas mar shagart bheith ceangailte lei!"*

Ar aon nós léigh mé na píosaí anseo agus ansin rinne mé cuimhniú go raibh a chuid filíochta léite cheana agam roinnt blianta ó shin. Chuas chuig an seilf leabhar agam agus d'aimsigh mé "Dánta Eoin Pól II" aistrithe ag an scoláire Ciarán Ó Coigligh (2010)**. (Smaoinigh mé leis nach mbeadh an beirt áirithe seo, Ciarán nó Eoin Pól, ró ard ar chomórtas dea-ghnaoi i láthair na h-úaire - ach sin ábhar d'alt eile ar fad!).

"Ní flilíocht chráifeach dhromchlach a chum Eoin Pól," a deireann Ciarán Ó Coigligh i réamhrá a leabhair, "..filíocht fhealsúnachta mhachnamhach a bhfuil teilgean intleachtach inti ó thús go deireadh."

Tá trí chinn aistrithe ag Micheál anseo agus an bailiúchán iomlán aistrithe ag Ciarán. Cheap mé go mbeadh gur spéis an rud é comparáid a dhéanamh ar an dá aistriúchán agus cad a léiródh sé sin. I ndairíre an féidir dána aistriú nó an dán nua a bhíonn ann gach uair a deintear aistriú ar dhán? Ar ndóigh tá an bun smaoineamh a bhí ag an mbun udair ann ach nach fíor a rá go bhfuil meon agus nó taithí an aistritheora go smior ann leis?

Seo "Fear Intleachta" agus ansin "Intleachtóir"

Fear Intleachta
Ceileann tusa an mealladh is an ilghnéitheacht ar do shaol
blas na tóraíochta, an spás is an spontáineachta.

Eoin Pól II - Karol Wojtyla
Is cúng do chuid tuairimí, do chuid foirmlí, do chuid breithiúnas,
ag déanamh achoimre de shíor is ag iarraidh substainte.

Ná sáraigh mo chranna foirtile: is riachtanach iad do bhail an duine;
ní mór do gach uile bhóthar bealach an smaoineamh a thabhairt air féin.
Ciarán Ó Coigligh 2010

Intleachtóir
Goidtear asat áineas, éagsúileacht,
féith na fionnachtanna, grá spáis, uaithe

A chúng do chuid nóisean, foirmlí, breithiúnais
ag coimriú i dtólamh, cíocrach ar ábhar.

Ná bris mo chosaintí, glach le cuid an duine:
gach bóthar teann i dtreo na hintinne.
Micheál Ó hUanachán 2018

Fagfaidh mé fútsa é a mheas an guth an mbun údair nó guth an aistritheora atá i dtreis san dá aistriuchán seo!

*    An Timire, Timire an Chroí Naofa, Foilseachán Íosánach, Eagran: Geimhrifh 2018
**  Dánta Eoin Pól II, Ciarán Ó Coigligh a d'aistrigh, Coiscéim, 2010

No comments:

Post a Comment