21.5.19

Buaileadh leis an Ridire!

"...sgaoil díot anuas an brón agus an imnidhe agus an doilgheas croidhe..."

Bhí mé ag lorg rud éigin le léamh agus mé ag dul ar thuras le déanaí. Cé go bhfuil neart leabhair sa teach againn tá sé deachair uaireanta ceann a roghnú. Ar an lá seo tháinig mé ar sean leabhair beag salach atá breactha le smal uisce. Is cosúil gur raibh sé amuigh faoin mbaisteach am éigin, nó gur thit sé isteach i soitheach uisce. Ach tré míorúilt éigin tháinig sé slán agus ní raibh na leathanaigh greamaithe le chéile mar a bheithfeá ag súil.

"An Crann Geagach," a bhí ann le Pádraic Ó Conaire, bailiúchán aistí agus scéalta ag an Máistir. Ina measc tá an scéal faoin a asal beag dubh. Is cuimhin liom ag léamh an scéal sin ar scoil fadó. Is i leabhair ann féin leis an dteideal sin a bhí againne ar scoil agus thosaigh sé leis an scéal cáiliúl sin agus mar a cheannaing sé an asal i gCinn Mhara. Ní raibh cuimhne ar bith ar aon chuid eile den leabhair agus chuile seans nár thuig mé mórán de is mé in ainm is a bheith ag foghlaim!

Ní fios dom caithin a foilsíodh an leagan seo den leabhair. Bhí sé foilsithe ag Comhlucht Oideachais na hÉireann ach níl dáta ar bith air. Tá sé sa sean-chló agus sa sean-litriú. Tá sé tiomnaithe go deas aige

"Do'n Chraoibhiín Aoibhinn
an Leabhrán seo

marach thú a Chraoibhiín ní móide go mbéadh aon 
Ghaedhilge ghá scríobhadh in Éirinn indiu!"

Agus nach raibh an ceart aige? Gan an Craoibhinn agus a chomh Conrathóirí cá bhfios....

Tá an leabhair féin an suimiúil. Tá sé scríofa i stíl atá beagáinín sean-fhaiseanta dúinne inniú. Chuir sé stíl nó b'fhéidir nósanna scríobhnóireachta údair na haistí ghearra a bhí á scríobh ag deireadh an naoi aois déag agus tús na fichiú aoise - stíl Belloc nó Kenneth Graham, ag baint sult as an dúlra.

"Tréig an chathair agus nósa na cathrach, sgaoil díot anuas an brón agus an imnidhe  agus an doilgheas croidhe; caith díot sean-ghiobailghruamdha do shaoghail agus do gheimhridh fhadaanróitigh, agus tar liomsa go bhfeicidh tú an t-earrach aoibhinn ag teacht, go gcuirfidh tú aithne ar éanlaith na coille, ar mhionn-bheithidhighibhna ngort, ar fheithidibh bídeacha na dtonn, ar an mbreach n-a pholl srótha ar an gcoinín beag faiteach, ar an ngiorrfhiadh mear, ar an mbroc dásach ar an sionnach, ar an  ngráinneóig dhealgnaigh, ar an iorraidh ruadh sa gcrann, ar an dobharchú i gcumar abhann; tar liomsa go dtógfar do chroidhe brúighte, go mborruighthear do mheanmhna, go leighseóchar do ghalar dubhach, go bhfáiltighmid beirt roimh an earrach agus roimh aithbheóchaint an tsaoghail...."

D'fhág mé an sean-litriú anseo mar sílim go bhfuil draíocht éigin ag baint leis. Nach bhfuil an focal "saoghal" i bhfad níos saibhre ná "saol" mar shampla, agus cad faoi  "doilgheas croidhe"?

An bhféadfadh éinne cuireadh mar sín a dhiúltú? Lean mé mar sin é ar a thuras taiscéalaíochta - ón aonach i gCinn Mhara agus amuigh ar bhóithre árd agus íseal. B'aoibhinn an turas é.

An fhaid is a bhí mé á léamh rith sé liom nach féidir turas mar sin a dhéanamh sa lá atá inniú ann. Is beag áit gur féidir le duine siúl mar sin anois. Tá na bóithre ró bhruidiúil agus dainséarach. Is beag áit gur féidir le duine poball a thógáil faoi chrann. Tá an saol sin beagnach imithe ar fad agus muis báite i gcúramaí an tsaoil. Tá deireadh le Ridirí na Bóithre nach mór!

Nach trua san?

No comments:

Post a Comment