14.8.19

"Tan" ar an gCéibh!

Bhí mé thíos ag Céibh Cheann an Bhóthar nó Céibh an Station inné nuair a thug me faoi dearadh go raibh péire shúl ag breathnú orm go fiosrach.
Cé thusa?
Éan a bhí ann, faoileán de short éigin.

Bhí faoileann bán ag snámh san uisce agus taobh leis bhí éan eile a bhí cosúil leis an ceann a bhí úm scrudú! Cheap mé go raibh sé aisteach go raibh dhá éan ag snámh le chéile mar sin agus iad chomh éagsúil ona chéile - ceann amháin bán le sciatháin liatha agus an ceann eile donn agus dorcha. Bhí eireaball dubh ortha leis.

Thár n-ais ag an teach dom thosaigh mé ag lorg eolas faoi chén chineál éin a bhí ionta. Bhí an ceann bán éasca go leor le deanamh amach. Faoileán scadán (Larus argentatus) a bhí ann. Ach céard faoin ceann fiosrach agus a ceann eile a bhí ag snámh leis an gceann bán?

Fuair mé amach gur faoileán scadán óg atá ionta. Is cosúil go dtógann sé roinnt blianta leis an dáth donn & dubh sin a chailliúnt ach diadh ar ndiaidh éiríonn siad níos gile go dtí go mbíonn siad fásta suas i gceart.

Is éan mór atá ann agus is minic a feictear ealtú ag ionaid dumpála ag lorg rud le n-ithe. Seo an dailtín a sciobann sceallóg amach as do lámh muna bhfuil tú cúramach. Is cosúil gur seo a thárla go Emma Ní Chearúil (@gingeripod) cupla lá ó sin i gcroí lár cathair Átha Cliath. N'fheadar an ceart "Tans" a thabhairt ortha - donn agus dubh is atá siad agus iad óg?

Ní nach íonadh tá conspóid ann in áiteanna toisc iad ag éirí ró-dhána ar fad agus polaiteoirí áirithe ag caint faoi iad a chiondíothú.

Cúntas ortha ar Birdwatch Ireland (Béarla)
Cúntas eile ortha ar shuíomh RSPB (An Bhreatain - Béarla)
Cúntas ar WIKIPEDIA an Bhéarla.

 Faoileán Scadán Fásta                                      (Pic le Kurt Kulac ar 2007-06-09)

No comments:

Post a Comment