16.10.20

Scoláireachtaí mheantóireachta dhéanamh phíob.

Tá dhá Scoláireacht Mheantóireachta Dhéanamh Píob bronnta ag Na Píobairí Uilleann (Béarla)  i gcuimhne ar an bpíobaire agus ar an ndéantóir píob oirirc Leo Rowsome, a ndearnadh comóradh air an mhí seo caite.

Leo Rowsome (1903 - 1970)
Is é seo an tionscnamh is déanaí i gclár dhéanamh uirlisí NPU atá á reáchtáil i gcomhar le Coláiste Breisoideachais Bhaile Formaid (Béarla). Tá tús curtha anois leis an ndéanamh cláirseach, a fógraíodh mar chuid den chlár cruthaitheach seo níos luaithe i mbliana. Mar sin, den chéad uair i stair an stáit, tá déanamh an dá uirlis is mó a shamhlaítear leis an tír á mhúineadh ar bhonn foirmiúil trí churaclam struchtúrtha.  

Tar éis dóibh neart iarratas ar ardchaighdeán a fháil, bhronn NPU gradaim ar bheirt déantóirí píob atá ag teacht chun cinn – Mark Blackwell, arb as Contae na Mí é, agus Eoin Dillon, arb as Baile Átha Cliath é.

Mar chuid den scéim mheantóireachta (a fhaigheann tacaíocht ó Chomhairle Dhearadh agus Cheardaíochta na hÉireann), cuirfear gach scoláire ag obair le déantóir aitheanta ar leith a chuirfidh meantóireacht aonair ar fáil ina cheardlann féin thar dhlúth-thréimhse ama.

Rinne Mark Blackwell, céimí de chuid CBBF, agus Eoin Dillon (an dara bliain, CBBF) traenáil ag ionad PipeCraft NPU i gCluain Seach mar chuid den Ard-Dioplóma Náisiúnta i Léiriú an Cheoil Thraidisiúnta (Ceoltóir).

Le linn an chláir mheantóireachta cuirfear aiseolas grinn ar fáil do na mic léinn ar phíoba a rinne siad cheana, gheobhaidh siad breis stiúrtha ó dhéantóirí cumasacha, agus gheobhaidh siad cur amach ar an obair a dhéantar i bhfíorcheardlann. 

Déanfaidh an déantóir John Butler, arb as Acaill dó, meantóireacht ar Blackwell, agus tabharfaidh Dillon, a chaith seal ag obair le Cillian Ó Briain cheana, cuairt ar Patrick Hyland i gContae Laoise. 

Cé go bhfuil caoga bliain ann ó bhásaigh Leo Rowsome, spreagann a chuid oibre eiseamláireach lucht dhéanamh píob go fóill inniu.

Mar chomhartha ómóis ar Rowsome, ba mhaith le NPU tacaíocht a thabhairt do dhéantóirí píob atá ag teacht chun cinn agus deis a thabhairt do dhéantóirí seanbhunaithe a gcuid scileanna a chur ar taispeáint.


@Napiobairi @BCFE_Official

No comments:

Post a Comment