22.2.21

Ag stiúiriú na píobairí!

Tá sé fógartha ag Na Píobairí Uilleann (Béarla) gur ghlac Tomás Mac Thréinfhir BL le hainmniúchán do Bhord Stiúrtha na heagraíochta.

Is abhcóide é Tomás atá ag obair ag Barra na hÉireann. Tá sé cáilithe leis an dlí a chleachtadh trí mheán na Gaeilge, agus is Idirghabhálaí Creidiúnaithe de chuid CEDR é, atá deimhnithe i socrú dhíospóidí tráchtála agus idirbheartaíocht gan réiteach lasmuigh den chúirt.

Cuimsíonn cúlra gairmiúil Thomáis róil shinsearacha i mbainistíocht ghnó tráchta agus i gceannasaíocht ag leibhéal an bhoird in earnálacha éagsúla, seirbhísí proifisiúnta, an teicneolaíocht, seirbhísí airgeadais agus earnálacha gan bhrabús ina measc. Sular gaireadh chuig an mBarra é, bhí sé ina phríomhfheidhmeannach ar Institiúid Mhargaíochta na hÉireann, mar a raibh sé i gceannas an ar mbunathrú a rinneadh ar an gcomhlachas gairmiúil náisiúnta.

Bhain sé MBA san Fheidhmiúcháin Idirnáisiúnta agus dioplóma sa Rialachas Corparáideach amach ag Scoil Ghnó Smurfit in UCD. Bhronn Institiúid na Stiúrthóirí in Londain stádas an Stiúrthóra Chairte air agus chomhlánaigh sé cúrsa feidhmiúcháin ag Scoil Ghnó Harvard. Bronnadh comhaltas de chuid Institiúid Chairte na Margaíochta, arb é an comhlachas gairmiúil margaíochta is mó ar domhan é, air. Tá sé líofa sa Fhraincis agus sa Ghaeilge, agus bhí sé ina bhall de bhord an Confédération Européenne du Marketing / Cónaidhm Mhargaíochta na hEorpa.

Baineann Tomás le teaghlach mór ceoil thraidisiúnta agus píobaireachta. Is fidléir aitheanta é agus tá céim mháistreachta aige sa Cheol Traidisiúnta.

Agus é ag labhairt thar cheann Bhord Stiúrtha Na bPíobairaí Uilleann, dúirt an cathaoirleach, an Dr. Caoimín Mac Aoidh:

“Tá áthas ar Na Píobairí Uillean fáilte a fhearadh roimh bhall nua den Bhord. Beidh saineolas gairmiúil Thomáis ar an ngnó, ar an margaíocht agus ar an dlí ina bhuntáiste mhór don eagraíocht, go háirithe agus muid ag dul ag dul i ngleic i gcónaí ar leathnú riachtanais an Chóid Rialachais. Táimid ag súil go mór lena chuid rannpháirtíochta agus le bheith ag obair ina theannta.

Rinne Na Píobairí Uilleann athrú ar a mBunreacht le deireanaí le ballraíocht ag leibhéal an Bhoird a cheadú dóibh siúd a bhfuil scileanna uathúla le tairiscint acu ó thaobh cur chun cinn gach uile ghné den phíobaireacht. Cinnteoidh a leithéid de bhallraíocht ghníomhach ag leibhéil an Bhoird go beidh na struchtúir Rialachais agus na caighdeáin is oiriúnaí á gcur i bhfeidhm ag an eagraíocht.“

Bord Stiúrtha reatha Na Píobairí Uilleann: Dr. Caoimhín Mac Aoidh, Danny McGreevy, Carolyne Lindsay, Rick Lines, Sorcha Potts, Peter Browne, Barra McGrory QC, Tomás Mac Thréinfhir BL.

@TomTrainor @Napiobairi #Ceol


No comments:

Post a Comment