22.11.21

Taighde tonnta.


Bhí giolc aréir ag Nuala Ní Chonghaile (@geabstaire) aréir agus pictiúir de "modúl gealaí" ar thaobh locha. D'aithin mé an áit, Loch an tSean Bhaile atá ar an mbóthar ó dheas ón ár dteach ag Caorán na gCearc.

Bhíos fiosrach!

Chuaigh mé ar siúlóid ar maidin ann. Bhí an lá go h-aoibhinn.  Ní cheapfá gur Mí na Samhna atá ann, gan gaoith ar bith agus spéir glán grianmhar.

Tháining mé ar an áit ar a raibh an gléas aisteach seo. Is stáisiún aimsire atá ann. Ar amharaí an tsaoil bhí carr páirceáilte ar thaobh an bhóthair agus bhí beirt ón gcarr ann. Duine amháin a bhí istigh sa loch. 

Bheannaigh mé dóibh nuair a tháinig an fear amach as an uisce. Dúirt sé nach raibh sé ró dhomhain - 75cm ar a mhéid. Níl iasc ar bith ann dár leis.

Is cosúil gur tógra de chuid Coláiste na hOllscoile BÁC atá ann. Tá siad ag meas cúrsaí aimsire ann agus chomh maith le sin tá siad ag deanamh staidéar ar tonntracha. Tá baint aige le h-obair atá ar siúl acu in Inis Meáin.

Déanan sé tomhas ar luas gaoithe, teocht, brú atmaisféarach agus tá ceamra ann le súil a coimead ar an aimsir chomh maith.

Is suiteáil sealadah atá ann agus beidh deireadh leis i rith na seachtaine. Tá súil acu teacht thár n-ais i mí Márta - "Nuair atá an aimsir níos gairbhe!!!" Idir an dá linn tá brathadóir á fhágal sa loch ag tomhas airde na tonntracha i rith an giemhradh is dócha.

An Stáisiún Aimsire ag an gCaorán - tá ceamra istig sa "pod" atá taobh leis.

Tá tuairiscí faoin dtógra i bhfoirm blaganna ar an suiomh Highwave-Project (Béarla)

@HIGHWAVE53

No comments:

Post a Comment