3.1.22

Uasalaicme!

Tá mé díreach tár éis leabhair Mháire Mhac An tSaoi, Scéal Gearóid Iarla* a léamh. Leabhair deas a léiríonn saol nach bhfuil ann a thuile agus saol i dtréimhse nach bhfuil mórán eolas againn faoi. Ar bhealach cé gur úscéal atá ann, is leabhar filíochta gan filíocht é  chomh maith. Gach caibidil gearr so-léite agus uaireanta cuid dé filíochta an Iarla féin ann.

Chuir sé mé ag smaoineamh ar an saol Ghaelach a bhí ann fiú nuar a ghlac Rí Shasana "Tiarnas na hÉireann" ar féin agus fiú  go dtí teitheadh na nIarlaí sa bhliain 1607. Bhí uasal aicme ann le tréithe agus nósanna nach raibh ag na Sasanaigh nó fiú ag na huaisle i dtíortha eile san Eoraip. Cé go raibh sé chomh Gaelach sin bhí sé ina fear ionad don Rí Shasanach chomh maith. Léiríonn an leabhair seo cé chomh Gaelaithe is a bhí na Normánaigh chomh fada le deireadh réimis roga na Phlantagenet i Sasana ó Aonraí II chomh fada leis a triú Risteard a fuair bás sa pháirc úd i mBosworth. 

Ag aimsir Ghearóid Iarla (caoga bhliain roimhe sin) ba léir go raibh saol chomh Ghaelach agus ab fhéidir a bheith ag na huaisle. Bhí an altramas á chleachtadh i measc na huaisle - Gaelach is Normánach mar shampla. Agus ar ndóigh bhí meas acu ar an bhfilíocht - mar léirítear sa leabhair seo. 

Ach  is faoi Clann Tudor an dá Aonraí (VII & VIII) agus Éilís, a thosaigh an sléacht is an cos ar bholg ar an saol agus an intinn maorga Ghaelach - go fiú an lá atá inniú ann.

Pic: Galway Advertiser 30/12/2021
Agus mé a smaoineamh ar seo tháinig cóip den Galway Advertiser chugam agus istigh ann bhí cúntas ar Art Ó Laoghaire agus an caoine a dúirt a bhaintreach nuair a fuair sí é "Gan Pápa gan easpag, Gan cléireach gan sagart." Bhí léiriú ar an scéal agus bhuail smaoineamh céanna liom. An saol eile seo a bhí ag na huaisle in Éireann a bhí le feiscint i saol Airt Uí laoghaire, an oifigeach calma in Airm na hUngáire agus ag a ghrá gheal. 

Rud nach bhfuil fágtha anois faraoir. 

Is dócha gurb iad Chlann Eibhlín Dhuibh i measc na huaisle, na sean-uaisle seo a chleacht na sean nósanna Ghaelach. Ar bhealach bá é Dónal Ó Conaill an Uasal Ghaelach Deireannach agus gur fagadh na sean nósanna sin le nua-nósanna Uaisle Shasannach a ghlacadh. Narbh fhíor don gCraobhinn nuair a ardaigh sé an cheist beagnach céad tríocha bhliain ó shin? 

"If we take a bird's eye view of our island today, and compare it with what it used to be, we must be struck by the extraordinary fact that the nation which was once, as everyone admits, one of the most classically learned and cultured nations in Europe, is now one of the least so; how one of the most reading and literary peoples has become one of the least studious and most un-literary, and how the present art products of one of the quickest, most sensitive, and most artistic races on earth are now only distinguished for their hideousness."

Nach aisteach na rudaí thagann isteach i do chloigeann agus tú ag leamh leabhair! 

* Scéal Ghearóid Iarla, Máire Mhac an tSaoi, Leabhair Breach 2011, ISBN 0 898332 53 7

No comments:

Post a Comment