13.8.24

50 Bliain faoi bhláth.

Bronnadh an sparántacht "Clannad – Caoga Bliain Faoi Bhláth" ar an ealaíontóir Gaeltachta Daniel De Buitléir dár le fógra ó Údarás na Gaeltachta. 

Daniel De Buitléir, Moya Brennan,agus Pól Brennan 
Tá an sparántacht seo, ar fiú €30,000 í, á bronnadh mar chomhartha ómóis don ghrúpa ceoil Clannad agus chun ceiliúradh a dhéanamh ar an tionchar ollmhór a bhí acu ar chúrsaí Gaeilge le breis is 50 bliain anuas.

Cuirfidh an sparántacht seo ar chumas Daniel De Buitléir am a chur i leataobh chun saothar úr ealaíne a fhorbairt trí mheán na Gaeilge thar thréimhse trí bliana. Is é aidhm na scéime ná tacú le healaíontóirí Gaeltachta a gcleachtas ealaíne a fhorbairt agus saothar nua i nGaeilge a chruthú.

Dúirt Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, "Tá áthas orainn an sparántacht seo a bhronnadh ar Daniel De Buitléir. Táimid ag súil go mór leis an saothar nua a chuirfidh sé ar fáil agus táimid cinnte go leanfaidh sé sampla Clannad i gcur chun cinn na Gaeilge agus chultúr na Gaeltachta."

"Ba phribhléid d'Ealaín na Gaeltachta comhoibriú le Clannad agus le hÚdarás na Gaeltachta chun áisitheoireacht a dhéanamh ar an sparántacht uathúil seo," arsa Rachel Holstead, Ceannasaí Ealaín na Gaeltachta. "Is é an infheistíocht is fearr gur féidir déanamh sna healaíona ná infheistíocht dhíreach in ealaíontóirí. B'údar dóchais dúinn an líon mór, an t-ardchaighdeán agus an éagsúlacht sna hiarratais ar an Sparántacht seo ó ealaíontóirí Gaeltachta agus guímid gach rath ar Daniel, agus ar bhaill Chlannad sa chaibidil nua amach rompu." 

 "Is mór an onóir dúinn go bhfuil an sparántacht seo á bronnadh in ómós do Clannad. Tá súil againn go spreagfaidh sé ealaíontóirí óga na Gaeltachta chun leanúint ar aghaidh ag cruthú saothar nua i nGaeilge agus ag cur ár dteanga agus ár gcultúr chun cinn ar fud an domhain,"" a dúirt Dúirt Pól Brennan, ball den ghrúpa Clannad.

Dúirt Daniel De Buitléir féin, faighteoir na sparántachta: "Is mór an onóir dom an sparántacht seo a fháil. Ba mhór an spreagadh dom i gcónaí an méid a bhain Clannad amach don Ghaeilge agus do cheol na Gaeltachta. Táim fíorbhuíoch do Chlannad as ucht a n-inspioráide agus don Údarás as an deis iontach seo chun mo chuid ealaíne a fhorbairt agus cur le hoidhreacht shaibhir na Gaeltachta."

Tá Údarás na Gaeltachta ag súil go spreagfaidh an sparántacht seo tuilleadh ealaíontóirí Gaeltachta chun saothar úr a chruthú i nGaeilge agus go gcuirfidh sé le saibhreas cultúrtha agus ealaíonta na Gaeltachta.


@UdarasnaG @ClannadMusic

No comments:

Post a Comment