17.7.09

Deireadh leis an nGaeltacht?

Agus muid ag cloisint an-chuid faoi "Tuarascáil an Ghrúpa Speisialta arUimhreacha na Seirbhíse Poiblí agus Cláir Chaiteachais" atá le fáil ar shuíomh Na Roinne Airgeadais (ach i mBéarla Amháin!)


Má ghlachtar leis na moltaí i dtaobh na Gaeltachta, an Iarthair agus na hOileán, bheidh deireadh leis an nGaeltacht ar fad a deireann ball Údarás na Gaeltachta an Comhairleoir Seosamh Ó Cuaig. Dúirt sé le Raidío na Gaeltachta ar maidin nár gá dúinn ach taisteal ó Gaillimh siar go dtí an gClochán agus a laghad fhorbairt atá le feiscint ar an mbóthar sin and chuid is mó de atá faoi chúram an IDA. Go bhfios dom féin tá dhá cheann de na forbairtí a fuair maoineadh ó Údarás na Gaeltachta.


Anois déan comparáid leis an bóthar ar an gcósta - nach bóthar náisiúnta é - agus tá forbairt agus borradh le feiscint - a mbuíochas nach mór le obair Údarás na Gaeltachta.


Léiríonn sé an dearcadh atá ag an ngrúpa seo nár mholadar deireadh a chuir leis an Metro nua i mBaile Átha Cliath!

Bhí mé ag éisteacht leis an nuacht ar Raidío Éireann (an seirbhís náisiúnta?) agus is beag áird a thug sé ar an chuid den tuairisc a bhain leis an Ghaeltacht.

An fiú an Ghaeltacht, foinse beo na Gaeilge, an nasc deireannach beo lenár sínsear, a shabháil?

Tá freagra faighte againn ón mBórd Snip seo!

An aontódh an Rialtas leis?

Féach ar Alt Chonchubhair Uí Liatháin inne Deireadh leis an nGaeltacht.

No comments:

Post a Comment