6.7.13

Colmcille sa bhaile ar deireadh!


Tá beagnach leath chéad bliain caite ó tógadh séipéal na Tulaigh i gConamara. Bé an céad séipéal tógtha in Éirinn faoi rialacha nua liotúirge a tháinig as Comhairle na Vatacáine (1963-1965).


Nuair a tógadh é bhí rún fuinneóg gloine stáin a cur ar an mbinn ó thiadh ós cionn na príomh doirse. De bharr easpa airgead ag an am níor cuireadh ann é.  Is dócha gur tré dearmad nár deineadh aon rud faoi go dtí anois.

Le déanaí cuireadh isteach é agus anois tá sé le feiceál ina áit fhéin. Is foirgnimh caomhnaithe é Séipéil na Tulaigh agus mar sin bhí ar an bhfuinneog teacht leis na fuinneogaí eile sa séipéil cheana, ó thaobh dearadh dé: dearadh simplí, geal. Sílim gur éirigh leis an bhfuinneog nua na coinníollacha sin a comhlíonadh.

Is deas an íomhá é den naomh ar cloch ag snámh ar an bhfarraige, de réir seanachas béile na háite, gur tháinig sé aniar as Árainn ar charraig mhór.

Tá Bád Colmcille fós le feiscint in aice le Reilg Muighreas ar trá an Bhánraigh agus is ansin ar Lá Cholmcille a bhíonn Lá an Phatrúin, nó Lá an Tobair á céiliúradh gach bhliain leis an cianta!

Nach deas an rud é go bhfuil Naomh Colmcille anois le feiceáil ina Séipéal féin, Seipéal na Túlaigh?

An Turas ar Lá an Tobair (Máirín MhicLochlainn 2012)

Colmcille i seanchas na ndaoine (Coilimín an Fhárthara 1995)

Johnny Chóil Mhaidhc agus Lá an Phatrúin! (1963)



5 comments:

  1. @ fuinneóg gloine stáin?

    Fuinneog daite, an ea?

    foirgnimh caomhnaithe agus gan é ach leithchéid bliain nó mar sin. Iontach

    Fearn

    ReplyDelete
  2. Sin an téarma atá sa nuachtlitir áitiúil. Níl mórán eolas agam ar an gcineál sin ealaín. Cinnte tá an gloinne dáite agus luaidh tár timpeall ar na píosaí gloine.

    ReplyDelete
  3. Níl caill uirthi mar fhuinneog, a Eoin, cibé Gaeigle atá an nuachtlitir á chur uirthi.


    Fearn

    ReplyDelete
  4. Gaeigle?

    Ó mo chreach is mo léin a scríobh mé!

    Ach choigil sin m'easnaíocha!

    Fearn

    ReplyDelete
  5. Óch!! Chigil sin m'easnaíocha!

    Fearn

    ReplyDelete