Tháinig San Níoclás chugainn don gcéad uair le fada ar Oíche Nollag.
Ar ndóigh scríodh litir chuige fadó le rá nach mbeidh siad ina dteach fhéin agus mar cabhair dó cuireadh comhartha breá aon-teangach taobh amuig den teach ionas nach gcailleadh sé a bhealach agus é ag dul thár timpeall Chonamara.
D'fhágadar bia agus deoch dó fhéin agus dá fhoireann réinfhianna agus is cosúil gur ith siad beagnach chuile rud a bhí ar an bpláta,
Tá nós againn sa teach sa searmanais beag a dhéanamh de lásadh coinneal na Nollag agus dúramar paidir beag buíochas as a thárl i rit 2014 agus ar son iad siúd nach raibh mórán acu ar fud an domhain. Lás an duine is óige an coinneal sulra cuireadh sa bhfuinneoig go cúramach mar comhartha fháilte don leanbh ar lá a bhreithe!
Maith thú,
ReplyDeleteDéarfainn go raibh beirt lánghliondar agaibh i ndiaidh San Níocláis.
Is maith liom go bhfuil nós na coinnle deirge fós ar bun,
Fearn
Tá gliondar orm go bhfuil Gaeilge ag San Níochlas, níl aon leithscéal ag na dIabhail stáit seribhisigh anois.
ReplyDeletetrácht deas - go maire siad a samhlaíocht agus go maire mbur sonas leo
ReplyDeleteÁiméan!
ReplyDelete