9.3.10

Seoladh dlúthdhiosca Subhóró


Seolfar an dlúthdhiosca “Subhóró” i gcathair na Gaillimhe ar an Satharn beag seo (13 Márta ón 8.00 i.n ar aghaidh). Beidh sár-cheoltóirí na tíre ag bailiú chun ceiliúradh a dhéanamh ar Subhóró áit a ngealltar go mbeidh oíche den scoth idir ceol agus damhsa. I measc na ceoltóirí ar an oíche beidh Stiophán Mac Suibhne ar an gcairdín, an ceoltóir éirimiúil Louise Devitt ar an bhféadóg mhór agus ná caill amach ar an deis annamh, áilleacht agus binneas na cláirsí a chloisteáil le Úna Ní Fhlannagáin.

Bhí ráchairt mhór ar an dlúthdhiosca dúbailte, Subhóró – Ceol ón Acadamh. Rinneadh brabús €10,000 in imeacht roinnt míosa. Is é Subhóró - Cumann Ealaíon na Ceathrún Rua, Conamara agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh a chuir an cnuasach ceoil, filíochta, damhsa agus litríochta béil i dtoll a chéile. Is foireann, mic léinn, agus cairde Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge a bhí páirteach sa togra. Bhronn chuile dhuine a ghlac páirt a chuid buanna agus tallann saor in aisce.

Blaiseadh breá de chanúintí an cheoil agus na Gaeilge ó chósta go cósta atá sa dlúthdhiosca. Is é an ceoltóir, an Dr Charlie Lennon, an príomhléiritheoir agus rinneadh an taifeadadh i Stiúideo Cuan, An Spidéal, Co. na Gaillimhe. Tá 40 rian ar fad ar an dá dhlúthdhiosca – beagnach dhá uair an chloig go leith d’ábhar ó Thír Chonaill, ó Cho. Liatroma, ó Cho. na Gaillimhe, ó Cho. an Chláir, ó Chorca Dhuibhne agus ó Rinn Ó gCuanach. Tá éagsúlacht mhór ábhar anseo: sean-nós; ceol; amhráin; filíocht nua-chumtha; agus Gaelcheol tíre Chonamara.

Ar an gCéadaoin 24 Feabhra bhronn baill choiste an dlúthdhiosca Subhóró – Ceol ón Acadamh seic de luach €10,000 ar Gerry Cully ó Fhondúireacht Taighde agus Leighis na Leanaí in Ospidéal Mhuire na Leanaí, (Béarla) Cromghlinn. Bailíodh an t-airgead de thoradh dlúthdhiosca dúbailte a táirgeadh go speisialta agus a seoladh ag Oireachtas na Gaeilge 2009 i Leitir Ceanainn, i gConamara, i Rinn Ó gCuanach agus i gCorca Dhuibhne. Tá an-tóir ar an dlúthdhiosca ó shin.

Tá líon áirithe den dlúthdhiosca Subhóró – Ceol ón Acadamh ar fáil i gcónaí. Tá cóipeanna ar díol in ionaid Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua, i gCarna, in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus Gaoth Dobhair chomh maith le Siopa Leabhar Chonradh na Gaeilge i Sráid Fhearchair agus i siopaí áitiúla i gceantar Chonamara ar luach €20. Tá sé ar fáil freisin ó Chló Iar-Chonnachta.

No comments:

Post a Comment