25.3.10

An Crisis

Géarchéim ghreannmhar in eagras Gaeilge!

Deirtear gur minic an saol ag aithris ar an ealaín ach is ábhar imní a bheadh ann dá mbeadh bua na fáistine ag an sraithdhráma nua greannmhar Gaeilge seo. Díríonn an dráma ar imeachtaí ACT (An Chomhairle Teanga) eagras stáit a bhfuil a bhealaí féin aige chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Tar éis saoirse agus só na mblianta, tá ACT anois ina chíor thuathail ag giorruithe airgeadais an Rialtais, ag iarmhairtí na mbeartas aisteacha a mhaoinigh sé roimhe seo, ag aistiúlacht na ndaoine atá ag obair ann agus ag Aire nua Rialtais a bhfuil a dhearcadh pearsanta féin aige faoin gComhairle.

Is é an t-aisteoir grinn aitheanta Risteárd Cooper (Après Match agus go leor eile; ar dheis!) a ghlacann páirt Setanta De Paor, Stiúrthóir Gníomhach ACT le deich mbliana anuas agus caomhnóir na teanga, más fíor. Tá foireann fostaithe ag ACT ach ba dhoiligh a rá go bhfuil siad ag obair ann, cé is moite den pheata cainteach éinín ar a bhfuil Máirtín Ó Cadhain baistithe mar ainm.

Ar an drochuair, chuaigh Setanta agus an tAire nua-cheaptha ar scoil le chéile ach ní le gean ach le goimh a fhéachann an tAire ar Setanta agus ar a eagras. Teastaíonn ón Aire díoltas a agairt agus is maith a oireann dó go bhfuil srianta daingne le cur ar chaiteachas poiblí.

Is í Caoimhe (Kate Nic Chonaonaigh, - The Clinic, Ros na Rún; ar dheis), an bhean atá curtha isteach san eagras chun mianta an Aire a fheidhmiú. Beidh uirthi a fháil amach cad a bhíonn ar bun ag ACT. Is léir don dall gur ag streachailt leis an gcrosfhocail nuachtáin a chaitheann bainisteoir amháin, Muiris (Donncha Crowley-Rásaí na Gaillimhe, The Clinic, Kings) an lá.

Is suite ag Fáiltiú atá Aoife (Michelle Beamish, Rásaí na Gaillimhe, Seacht, Eden) ag cur fúithi, post breá socair suaimhneach do dhamhsóir atá traochta tar éis a seal le Riverdance.

Ar na haisteoirí eile sa tsraith, tá Norma Sheahan (The Clinic, Ondine & Intermission), Don Wycherley (Rásaí na Gaillimhe, Ondine, Zonad, Garage, Bachelor’s Walk), Barry McGovern (Na Cloigne, The Tudors, The General, The Clinic), Seán T. Ó Meallaigh (Na Cloigne, Rásaí na Gaillimhe, Kings) agus Bríd Ní Neachtain (Dancing at Lughnasa, Cré na Cille).

Is é Antoine Ó Flatharta a scríobh, drámadóir aitheanta bhfuil a shaothar léirithe ar an teilifís agus in amharclanna in Éirinn agus thar lear, ina measc RTÉ, BBC agus WDR.

Is í Martha O’Neill, Wildfire Films (Béarla) a léirigh an tsraith seo do TG4. Is é Charlie McCarthy a stiúraigh (Pure Mule, The Clinic, Legend, On Home Ground, Ros na Rún agus Glenroe.) Fuair an togra seo maoiniú ón scéim Fuaim agus Fís de chuid Údarás Craolacháin na hÉireann. (Béarla)

2 comments:

  1. An mbeidh an sraithdhráma nua seo le feiceáil go luath, nó an bhfuil sé tosnaithe cheana féin i ngan fhios dom?

    ReplyDelete
  2. Tá mé ag ceapadh go bhfuil sé le tosú ar an gCéadaoin seo chugainn.

    ReplyDelete