16.8.10

Atharaithe i Siopa Leabhar Bhaile Átha Cliath

Tá athraithe móra i ndán do cheann de na hinstitiúidí is mó clú air sa tír - An Siopa Leabhar de chuid Chonradh na Gaeilge ar 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2 - faoi stiúir an bhainisteora nua, Daragh Ó Tuama (pic ar dheis), agus an chúntóra úir aige, Cian Taaffe.

Daragh Ó TuamaTagann Daragh Ó Tuama sna sála ar Mháire Ní Laoi, a d’imigh ar scor i mí an Mheithimh i ndiaidh 38 mbliana a chaitheamh ag obair sa siopa, agus tá fís fhadtéarmach úr aige don Siopa Leabhar a fheicfidh é forbartha mar áis agus ionad siopadóireachta den scoth do phobal na Gaeilge san ardchathair agus i gcéin. Ní hamháin go bhfuil sé i gceist cur go mór leis an siopa ar-líne trí shuíomh lárnach an Chonartha , ach tá córas úr athchatagóirithe agus scanadh earraí idir lámha ag An Siopa Leabhar freisin.

“Táim féin," a deireann Daragh, "go pearsanta ag súil go mór leis an dúshlán chun seirbhísí an tSiopa Leabhar a leathnú agus a fhorbairt chun go bhfeidhmeoidh an siopa ar bhealach níos simplí, níos leabhairchruthaí, agus níos éifeachtaí, chun freastal mar is cuí ar phobal na Gaeilge, idir chainteoirí líofa agus fhoghlaimeoirí na teanga araon.”

Is as Baile Átha Cliath don Uasal Ó Tuama agus is iomaí gné de shaol na Gaeilge a bhí baint aige leo i gcaitheamh na mblianta sular bhain sé an post seo mar bhainisteoir an tSiopa Leabhar amach. Chomh maith le cláracha Gaeilge a chur i láthair ar an raidió lena leithéid de Newstalk, bhí Daragh ina láithreoir ar an gclár teilifíse MPH ar TG4 agus ina oifigeach le Glór na nGael go dtí le deireanas, áit go raibh sé i gceannas ar na comórtais ag Leibhéal a Trí, Global Gaeilge agus forbairt an tsuímh idirlín Údar.ie.

Tá Cian Taaffe díreach tosaithe ar an bpost mar chúntóir an tSiopa Leabhar i dteannta Uí Thuama agus is ildánach an Gaeilgeoir é leis; is fear grinn, aisteoir, láithreoir, léiritheoir, agus scríbhneoir é Taaffe a bhuaigh duais ag Féile Drámaíochta na gColáistí Tríú Leibhéil i 2009 as an dráma An Ghealtacht a scríobh, agus atá tar éis gradam Lucky Duck a bhuachaint ag Battle of the Axe Comedy Club (Béarla) níos luaithe i mbliana.

Deireann Cian: “Táimid ag baint leasa as an nuatheicneolaíocht le cur go mór le réimse na leabhar agus na n-earraí Gaeilge atá ar fáil ar An Siopa Leabhar ar-líne faoi láthair, agus tá sé beartaithe againn i bhfad níos mó t-léinte, dlúthdhioscaí, DVDanna, póstaeir, cluichí do pháistí agus eile a sholáthar sa siopa féin ar 6 Sráid Fhearchair sna míonna amach romhainn.”

No comments:

Post a Comment