14.8.10

Éistimís le Mná Leitir Mhóir

Tá alt brea ag Bernie Ní Fhlatharta i nGaelscéal na seachtaine seo (13 Lúnasa 2010). Is fiú go mór an alt, Éistimís le Mná Leitir Mhóir, a léamh agus an teachtaireacht atá ann a thuiscint.

Is cosúil go raibh sí mar moltóir ag comortas Pheigín Leitir Mhóir le deanaí agus caith sí ama ag caint leis na cailíní féin ar ndóigh.

"Seo mná atá líofa sa Ghaeilge, a bhíonn ag imirt peile, sacair agus ag rámhaíocht. Seo iad na bruinnill ag an gcrosbhealach a raibh De Valera ag caint orthu nuair a bunaíodh an Stát seo ach feictear domsa go bhfuil dearmad déanta ar ghnáthphobal na Gaeltachta."

Cuireann sí an cheist: Ar labhair an Rialtas leo sular cuireadh le chéile an Scéim 20 bliain don Ghaeilge & don Ghaeltacht? Ar labhair an Chomhchoiste Oireachtais um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta leo sular ar chuireadar a tuairisc amach? Meas tú?

Díríonn Bernie ár n-aire ar rud atá an-bhunúsach ó thaobh na Gaeltachta de ar aon nós. Ní ceist teanga amháin é seo. Is ceist phobail atá ann. Ní ceist idéalach é seo do mhuintir na Gaeltachta, mar atá sé do mo leithéad-sa agus an-chuid i nGluaiseacht na Teanga. Éist le Bernie:

"Ní hé go bhfuil siad ag iarradh bheith ag labhairt Gaeilge – is í a dteanga nádúrtha í. Ní hé go bhfuil iachall orthu maireachtáil sa Ghaeltacht – is é a mbaile é agus tá siad ag iarradh fanacht ann."

Rud atá i bhfad níos bunúsaí ná an brionglóid -

Tá Éire Gaelach cheana sa Ghaeltacht againn ach an bhfuil sé saor?

Ní mór dúinn éisteacht le mná óga Leitir Mhóir, le Mná óga Chonamara, le Mná óga na Gaeltachta. Mar a dearfadh an té a dúirt fadó. "Éist! Caithfear éisteacht!"

1 comment:

  1. Bíonn ailt Bhernie i nGaelscéal suimiúil, ábhar machnaimh iontu i gcónaí...

    ReplyDelete