24.9.10

Tuar ceatha!

Bhí mé amuigh ag tiomáint idir Baile Locha Riach agus Cathair na Gaillimhe dhá oíche ó shin. Bhí gealach lán an-gheal ann. Thosaigh sé ag báistí agus nuair a bhí an cioth thart - tá an-chuid muireannaí báistí again ag an tráth seo den bhliain - thug mé faoi dearadh go raibh tuar ceatha gealaí le feiscint go soiléar sa spéir ós ar gcionn. Chuala mé go raibh a leithéad de rud ann ar ndóigh ach ní fhaca mé ceann go dtí an oíche sin.

Se pictiúir de thuar ghealaí a fuair mé ar an idirlíon.

3 comments:

  1. Bhí mé ag ceapadh nach raibh bóithre mar sin agaibh thiar....

    ReplyDelete
  2. - cé go gceapann an-chuid tiomáiní ar bhothar Chois Fharraige go bhfuil.....varoooooom

    ReplyDelete
  3. @ 'cé go gceapann an-chuid tiomáiní ar bhothar Chois Fharraige go bhfuil.....varoooooom'

    Thug mé é sin faoi deara, a Chodú!

    Ach, ní raibh a fhios agam go raibh a leithéid de rud ann agus 'tuar ceatha gealaí'. An rud is annamh is iontach!

    Comhartha, b'fhéidir, go bhfuil gach rud i gceart i bhfad uainn...;-)

    ReplyDelete