24.12.10

Athrú phlean....

Bhí sé go léir socraithe againn! Bhí an Nollag le bheith anseo agus beirt den triúr linn don saoire. Ach tháinig an fuacht! Agus lean an fuacht!

Ar an Luain bhí an tuisce reoite agus ó shin níor éirigh linn uisce a fháil sa teach. Agus lean an fuacht!

Buíochas le Dia tá comharsain alainn againn agus thugadar neart uisce in mbuidéal móra a faightear sna siopaí le huisce. Ach lean an fuacht!

Níl fhios againn cá thagann an píob leis an uisce isteach sa teach agus mar sin bhíomar ag tomhas cén áit a raibh a "reo-phointe!" Cuireadh uisce té ar an dtalamh anseo is ansiúd ach níor éirigh linn deoir amháin a fháil. Agus lean an fuacht!

Bhí an teach reitithe don Nollag. An crann gléasta. An turcaí ordaithe ach gan uisce reatha bheadh sé deacair cócaireacht go compórdach! Agus dúirt muintir na haimsire go leanfadh an fuacht go Lá 'le Stíofáin.

Mar a deireann an file:
"The best-laid schemes o' mice an 'men
Gang aft agley,
An'lea'e us nought but grief an' pain,
For promis'd joy"


Is ansin a d'athríomar na pleanana! Shocraíomar an Nollag a athrú soir agus mar sin beidhmíd ar an mbóthar ar Oíche Nollaig agu dul soir go Bhleá Cliath, turcaí, pióga mionra, brontanais, San Níoclás agus chuile rud eile ach amháin an Crann Nollag - ní raibh go leor spás againn.

Rud amháin atá go maith faoi seo ná go mbeadh an clann go léir le chéile ar Lá Nollag mar beidh muid lenár mac agus a bhean agus ár beirt iníon. Ní rabhamar ag súil leis seo mar tá an mac agus a bhean ag súil le páiste- ár gcéad gar-pháiste, ag an am seo agus ní bheadh siad linn ach amháin go raibh an aimsir comh holc.

Is olc an sceal é nach bhfuil maitheas de shaghas éigin ann!

Mar sin ar an maidin seo beidhmíd ar an mbóthar go Sráideanna Naofa Átha Cliath agus ta sé fós fuair!

Nollag faoi shéan agus faoi mhaise dúinn go léir!

5 comments:

  1. Go n-éirí an bóthar libh, a chara!

    Agus, Nollaig Shona daoibh uilig i gcuideachta a chéile...:-)

    ReplyDelete
  2. Go n-éirí an bóthar libh.

    ReplyDelete
  3. Go n-éirí an bóthar libh

    ReplyDelete
  4. Tá muid sa príomh cathair agus má cheap éinne go raibh sé go dona i nGaillimha agus i gConamara tá doimhneacht an sneachta anseo do chreidthe. Ní fhaca mé a leithéid i mo shaol...Nollag bán atá ann gan amhras, ní brionglóid....

    ReplyDelete