2.1.11

Madra rua!

Lá breá a bhí i Lá Choille 2011. Bhí an fuacht agus an sneachta go léir imithe agus an tuisce thár n-ais againn. (d'fhilleamar ó Bhleá Cliath ar an 28ú lá!)
D'fhéachamar amach ar an ngarraí ó dheas den teach agus cad a bhí ann ach sionnach, madra rua, ina seasamh á scrabhadh féin. Faoin am ar féidir liom an fón fháil le pictiúir a ghlacadh bhí sé ag gluaiseacht arís ach shiúil sé cóngarach go leor don bhfuinneoig. Níor éirigh liom ach aon iarracht amháin a dhéanamh agus seo é.

Deirtear go bhfuil nead (nó pé rud a glaotar ar baile sionnaigh) soir ón dteach s'againne i ngarrán atá ar thaobh sruthán beag. Deirtear go mbíonn siad ag "pórú" i mí Eanáir agus Feabhra agus mar sin beidh muid ag súil le coileáin san earrach.

3 comments:

  1. Níl éanlaithe clóis agaibh, bhfuil?

    ReplyDelete
  2. Pluais a nbaile, chomh fada agus is eol dom.

    ReplyDelete
  3. Sionnach deas rua ramhar ansin. Is cuimhin liom na madraí 'rua' liath tanaí a bhí i Londain. Tháinig siad amach i lár na hoíche ag lorg bia sa bhruscar.

    ReplyDelete