9.6.17

Oireachtas beo!


D’fhógair An tOireachtas, i gcomhpháirt le TG4 go mbeo-chraolfar clár nua, Lár Stáitse a bheidh dírithe ar thaibh-ealaíona daoine óga ó Oireachtas na Samhna na bliana seo. Beidh an spotsholas ar ealaín an agallaimh bheirte sa chlár agus craolfar babhta craoibhe an aoisghrúpa 12 – 15 bliana chomh maith le roinnt iomaitheoirí ó chomórtais agus aoisghrúpaí eile, ina measc, aithriseoireacht, scéalaíocht agus lúibíní.

Craolfar an clár ar TG4 ar Aoine na féile, 3 Samhain 2017, ó 8.00 p.m. – 9.30 p.m agus beidh sé ar fáil ar fud an domhain ar an Sheinnteoir TG4.

“Tá ríméad orainn an t-ardán nua seo a bheith á thabhairt ag TG4 do na healaíona béil traidisiúnta”, a dúirt Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais. “Is cuid fíor-thábhachtach iad dár n-oidhreacht cultúir agus teanga, agus feithicil luachmhar do shealbhú agus do bhuanú saibhreas Gaeilge i measc daoine óga. Tá súil againn go spreagfaidh an clár nua seo tuilleadh daoine óga le tabhairt faoi na healaíona béil.”

“Is deas linn an fhorbairt is deireanaí seo ar ár gclúdach Oireachtais a bheith dírithe ar an óige” a deir Alan Esslemont, Ardstiúrthóir TG4. “Tugann an saibhreas teanga agus an deisbhéalaíocht a fheictear sna comórtais teanga-bhunaithe don óige, siamsaíocht don lucht féachana agus spreagann dóchas agus misneach i bpobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. Tá siad tráthúil ar gach bealach.”

I measc na gcraoltaí beo eile a bheidh ar TG4 le linn Oireachtas na Samhna beidh Nuacht TG4 trí oíche (Dé Céadaoin, Déardaoin agus Dé hAoine) agus na príomhchomórtais damhsa ar an sean-nós, Steip ar Shatharn na Féile. Déanfar sruthú beo ar shuíomh idirlín TG4 ar Oscailt Oifigiúil an Oireachtais, ar Bhronnadh na nGradam Cumarsáide agus ar na comórtais daoine fásta, ina measc, Corn Uí Riada, Sean-Nós na mBan, Sean-Nós na bhFear, Agallamh Beirte, Lúibíní, Amhrán Saothair agus Sceitse.

Is i gCill Airne, Co. Chiarraí, a bheidh Oireachtas na Samhna ar siúl, ó Chéadaoin go Domhnach, 1 -5 Samhain 2017.

#OnaS17 @OirnaGaeilge 

1 comment:

  1. Dea-scéal, agus thar am, creidim fhéin, mar is fiú, go mór, na babhtaí sin a chraoladh ar fud an domhain...bíonn siad iontach ar fad, i mo thuairim. Go n-éirí go geal leo uilig!

    ReplyDelete