Radharc ón gcalaphort |
Bhí stoirm ann aréir, neart a naoí de réir tuairiscí, agus is cosúil gur tarraingíodh an bád ar a aincaire isteach ar na carraigreacha taobh le Tóin Chnoic, cead méadair nó mar sin ón gCodú i gCuan Chasla.
Níor gortíodh éinne den ceathair criú déag a bhí ar bhórd ag an am. Táthar le hiarracht í a chuir ag snámh arís ag lán mara ag a cúig tráthnóna. Deireann daoine áitiúil nach n-éireódh leis an iarracht mar tá sé ró árd ar na carraigeacha.
Feicfimíd!
Radharc ón dtaobh eile den gcuan. |
• Pictiúirí eile ar suíomh facebook Raidío na Gaeltachta!
Áit álainn le bheith sáinnithe. Chuala mé gur díoladh na longa sin toisc go raibh na húinéirí bancbhriste. An mbeidh tionchar mór ar seirbhísí taistil sa cheantar?
ReplyDeleteTá mé ag ceapadh go bhfuil córas taistil chuig na hOileán maith go leor le comhlucht amháin. Feicimíd is dócha sa samhradh nuair atá éilimh níos mó ar an seirbhís.
ReplyDeleteBhabha! Bhfuil sé i bhfad ó do theach féin?
ReplyDeleteHi, Áine, ní fhaca me do fhreagra go dtí inniú...ní raibh sé ró fhad uainn. Ní rabhamar i ndán é a fheiscint ón dteach áfach . Tiomáint timpeall míle amháin go dtí Ros a'Mhíl...
ReplyDelete