31.3.11

Taobh leis an gCodú!

Radharc ón gcalaphort
Tháinig long mór, 7,000 tonna, an Pantanal go calaphort Ros a' Mhíl inne le dhá bhád farantoireachta a bhailiú a díoladh le deanaí. Cé gur long Gearrmánach tá sé cláraithe i dTalamh an Éisc.

Bhí stoirm ann aréir, neart a naoí de réir tuairiscí, agus is cosúil gur tarraingíodh an bád ar a aincaire isteach ar na carraigreacha taobh le Tóin Chnoic, cead méadair nó mar sin  ón gCodú i gCuan Chasla.

Níor gortíodh éinne den ceathair criú déag a bhí ar bhórd ag an am. Táthar le hiarracht í a chuir ag snámh arís ag lán mara ag a cúig tráthnóna. Deireann daoine áitiúil nach n-éireódh leis an iarracht mar tá sé ró árd ar na carraigeacha.

Feicfimíd!

Radharc ón dtaobh eile den gcuan.

Pictiúirí eile ar suíomh facebook Raidío na Gaeltachta!

4 comments:

  1. Áit álainn le bheith sáinnithe. Chuala mé gur díoladh na longa sin toisc go raibh na húinéirí bancbhriste. An mbeidh tionchar mór ar seirbhísí taistil sa cheantar?

    ReplyDelete
  2. Tá mé ag ceapadh go bhfuil córas taistil chuig na hOileán maith go leor le comhlucht amháin. Feicimíd is dócha sa samhradh nuair atá éilimh níos mó ar an seirbhís.

    ReplyDelete
  3. Bhabha! Bhfuil sé i bhfad ó do theach féin?

    ReplyDelete
  4. Hi, Áine, ní fhaca me do fhreagra go dtí inniú...ní raibh sé ró fhad uainn. Ní rabhamar i ndán é a fheiscint ón dteach áfach . Tiomáint timpeall míle amháin go dtí Ros a'Mhíl...

    ReplyDelete