Bhí mé ag breathnú ar an ndíospóireacht sa tSeanad inné ag éisteacht leis an gcaint, cuid de a bhí go maith. Thosaigh mé ag smaoineamh ar an bealach a athraíonn an chuid daoine nuair a théann siad isteach sa bpoilitíocht. Éiríonn siad cineál cúramach. Bíonn siad beagáinín coimeádach.
Féach ar a tharlaíonn do lucht an fhreasúra nuair a théann siad i gcumhacht. God tobann níl freagra na ceiste, níl eochair na fadhbe, ró éasca. "Nuair a d'oscail muid na leabhar...." "Caithfimíd an ceist a iniúcadh!"
Ar amhairí an tsaoil chonaic mé píosa ó Seth Godin, an maragóir Meiriceánach, faoin ceannaireacht sa bpoilitíocht bunaithe ar an conspóid faoi cinsearacht (SOPA) ar an idirlín agus an iarracht a bhí ar siúil níos mó chumhacht a thabhairt don rialtas suíomhanna a dhunadh síos in ainm "cóipceart a chosaint!" Theip ar an acht sa chás seo ach...amach anseo? Cá bhfios!
Pé scéal é cheaop mé gur fiú go mór an píosa seo (Béarla) ó Seth Godin a léamh. Bain taitneamh as!
• Nuair a léigh mé Seth Godin don chéad uair scríobh mé píosa i mblag mo chomhluchta anseo (Béarla 10/10/2009).
19.1.12
Subscribe to:
Post Comments (Atom)
No comments:
Post a Comment