9.1.12

Míol mór Iomaí!

Caisealóid an focal atá ag an foclóir ar an míol mór marbh a tháinig isteach ar an dtrá ar Oileán Iomaí in Iarthar Chonamara i rith na Nollag.


Chuamar thiar ann len é a fheiscint ag an Deireadh Seachtaine.

Áit deas í Iomaí, oileán íseal in aice leis an gCladach Dubh. Is féidir siúil nó tiomáint chuig an oileán fiú nuair atá sé ina lán trá. Tionánamar trasna agus rinneamar an charr a pháircéal ar an dtrá. Ní rabhamar ró chinnte cá raibh an ollphéist mór ach chonaiceamar daoine ag siúil ó dheas agus leanamar é ag dreapadh thar na carraigreacha.

Tár éis leath-uiar a chloig shroich muid tráín bheag agus ag a bár bhi corp an mhíol mór ina luí ar a thaobh. Bhí sé íontach mór agus cé go raibh boladh áirithe ann ní raibh sé ró láidir.

Is cosúil nach bhfuil fhios ag na h-údaráis céard is ceart a dhéanamh. Tuairscíodh go raibh an Comhairle Chontae le cruinniú a bheith acu - ollchruinniú is dócha!

Chuamar thár n-ais chuig an carr ar an mbóthar a bhí i bhfad níos éasca ná an dreapadóireacht a rinneamar le dul ann! 




1 comment:

  1. An t-ainmhí bocht.

    Chonaic mé tuairisc ar Nuacht RTÉ um Nollag le Damien Tiernan, faoin méad míolta móra atá tagtha chun tíre i mbliana. An bhliain is measa le fada an lá, de réir na tuairisce. Tá na saineolaithe i mbun fiosruithe faoi. Luadh na stoirmeacha garbha i mbliana.

    ReplyDelete