7.3.12

Táid ag teacht! An mbeidh tusa ag rith?

Tá an earrach linn gan amhras cé gur earrach an fhliuch féin é! Ní féidir mórán a dhéanamh sa gháirdín fiú dá mbeadh an fonn sin orm!

Tá an bliain ag dul ar aghaidh ar ndóigh agus lá 'le Phádraig ag deireadh na seachtaine se chugainn. Tá na airí go léir ag dul thár lear don lá mór. Chuala mé an liosta ar an raidío agus is beag áit nach bhfuil chun aire nó foth-aire a fheiscint. Pé scéal é beidh muide sa bhaile agus tá neart ar siúil - nó ag rith b'fhéidir ba cirte a rá!

Tá traidisiún i dtír na Báscach rás mar sin thár timpeall na tíre, an Korrika, (4 Theangach -Bascais, Béarla, Fraincís, Spáinis) a rith gach dara bhliain ó na hochtaidí ar aghaidh agus is as sin a tháinig an bun smaoineamh do RITH 2012. Ar ndóigh bhí nós ag Árd Rí na hÉireann turas a dhéanamh thar timpeall Éireann chun a chumhacht a dhaingniú tré gialla a bhailiú ó na ríthe tuaithe! Anois is féidir a rá gur ionann RITH 2012 ná pobal na hÉireann ag sealbhú na hÉireann do na nGael.




Beidh siad i nGaillimh ar an 16ú lá den mhí ar a bhealach go hÁrainn áit a mbeith deireadh leis ar lá 'le Pádraigh féin i gCill Rónain. Anseo i gceantar na Tulaí beidh siad ann timpeall a sé tráthnóna ar a bealach go Ros a'Mhíl. Tathar ag súil le slua mór amuigh le cabhrú leo. Bhí an-spóirt ann an uair deireannach agus le cúnamh Dé beidh sé níos fearr i mbliana.

Tá sé ag tosú i dTír Chonaill, i nGaoth Dobhair amárach agus leanfaidh siad ar aghaidh ó shin ag rith tré  Tír Eoghain, Co. Doire, Co. Aontroma, Co Ard Mhaca, Co. Muineacháin, Co. na Mí, Baile Átha Cliath, Co. Chill Dara, Co. Ceatharlaigh, Co. Laoise, Co. Tiobrad Árainn, Co. Luimnigh, Co. an Chláir go dtí go shroiseann siad Co na Gaillimhe agus Árainn.

2 comments:

  1. Co. Chorcaí ar lár - huh!

    Is ar éigin a bhfuilim ábalta dul 'on pub ar shiúl na gcos gan fiú bheith ag smaoineamh ar rith timpeall na tíre.

    Ach go n-éirí leis an bhfiontar.

    ReplyDelete
  2. Thugas sin faoi dearadh - eagla ortha is dócha....

    ReplyDelete