14.5.12

Missale Romanum - iniúcadh ag dul ar aghaidh!

Bhí cruinniú le déanaí sa Róimh den Chuallacht um Dheabhóid Dhiaga agus Disciplín na Sacraimintí (Iodáilis) agus bhí an Coiste Sapienti (Eagnaí) i láthair. Comhlacht comhairleach is ea an Coiste seo don Chuallacht um Dheabhóid Dhiaga agus Disciplín na Sacraimintí maidir le téacsanna liotúirgeacha sa Ghaeilge. Faoi láthair tá sé ag plé le hathbhreithniú ar an aistriúchán Gaeilge ar an Missale Romanum atá molta. B'é seo an cúigiú cruinniú den gCoiste seo. {Tá ráiteas níos iomláine ar shuíomh Árd Deoise Thuama (Béarla)}

Seo hiad baill an Choiste a bhí i láthair: Pilip Ó Buaidhe, Easpag Rath Bhoth, Breandán Ó Ceallaigh, Easpag Achadh Chonaire (Iar SP sa Spidéal), An tOllamh Padraig Ó Riain, An Dr. Caitríona Ó Dochartaigh, Brian O Donnchadha, An tAth Micheál O Loingsigh, An tAth Joseph Briody, An tAth. Anthony Ward, Fo-Rúnaí, An Mons. James O’Brien.

Bhí An Cairdinéal Antonio Canizares Llovera (Spáineach), Maor na Cuallachta,  a bhí sa cathaoir. Gabh sé buíochaa le baill an Choiste as an cabhair a thud siad don Chuallacht i rith na bliana agus iad ag iniúcadh agus ag athbreathniú ar an aistriúcháin Gaeilge atr an Missale Romanum (Leabhar Aifrinn). Bhí dócas air go bhfaigheadh an taistriú nua formheas nó cead iomlán go luath!

Moladh árd-chaighdeán an obair go dtí seo ag an gcruinniú. Rinne an Easpag Ó Buidhe tuairisc ar aistriú ar ábhar breithiúnach atá mar reamhrá sa Missale Romanum agus glacadh leis seo.

Deineadh plé ar fhéilire Eaglasta na hÉireann agus glacadh le tuairisc ón Ollamh Ó Riain.

Bhuail baill den gcoiste seo leis an bPápa féin ag gnáth fháiltiú ar an gCéadaoin (9 Bealtaine).

• Seo an ráiteas oifigiúil ón Vatacáin ar shuíomh Thuama! (15/5/2012)

7 comments:

  1. An cúigiú chruinniú?
    Cad é an t-athrú atá chomh mór sin?
    Nó an bhfuil sagairt le Gaeilge is léann ag dul i laghad?


    Fearn

    ReplyDelete
  2. Táid ag iarraidh go mbeadh na leaganacha i ngach teanga chomh comhgarach do leagan oifigiúil Laidne agus is féidir. Dár le roinnt tá cuid de na haistrithe beagáinín "scaoilte" agus táthar ag iarraidh iad siúd a cheartú. Níl fios dom aon athrú atá beartaithe do leagan Gaeilge ach súil agam go mbeaidh siad dílis don thraidisin Ghaelach san aistriúchán nua. Glaoghann muide "Aifreann" ar an íobart a tugtaí "Missa" sa Laidin - agus mar an gcéanna sa Bhreatain Bheag - agus léireann sé sin dearcadh eile ar céard tá ar siúil agus an Sagart agus Pobal Dé ag ofráil ag an altóir.

    ReplyDelete
    Replies
    1. GRMA a Eoin.
      Tá mé caidéiseach i dtaobh an leasaithe seo. Léigh mé gur thug lucht an bhéarla ar "athleagan" timpeall 2003( .i. Sasana is na tíortha a ghlacann a leagansan ) , agus gur tháinig sé i bhfeidhm 6 mhí ó shoin.
      Ar ordaigh an pápa ar gach teanga a thabhairt ar na "haraíonna"?

      Fearn

      Delete
  3. Ní fios dom an é an Pápa seo nó Eoin Pól II a rinne an ordú. Níl mórán eolas faoin leagna nua Béarla mar tá cónaí orm sa Ghaeltacht agus bíonn an litiúirge as Gaeilge anseo. (Níl fiú Leabhar Aifreann i mBéarla sa séipéil againn!)
    An cuid is mó de na haithrithe is cinn atá níos litertha - i mBéarla ar aon nós. m.s. an fhreagra "Et cum spiritu tu tuo" atá anois mar "And also with you" athraithe go "And with your spirit!" agus a leithéid.

    ReplyDelete
  4. A Eoin,
    Cad a shíleann tú a thiocfaidh in áit:
    "Tá an Tiarna libh.
    Agus leat fhéin"?


    Fearn

    ReplyDelete
  5. Ó! mo chreach is mo dhith!

    Is dócha go bhfuil mé ag usáid seanleabhar Aifrinn, ( agus mé ar an gcoigríoch le fada an lá ), agus go bhfeicim go bhfuil
    "agus le do spiorad féin" molta don leagan Gaeilge ( láthair lín Chumann na Sagart ).

    Níos gaire don laidin, mar a dúirt tú


    Fearn

    ReplyDelete