6.6.12

Trasdul Véineas 2012

Trasdul Véineas thar an ghriain inniú. Ní thárloidh sé aríst go dti an bhliain 2017. Thárla sé cheanna sa bhliain 2004 agus roimhe sin i 1882 & 1872.

Úsáidadh breathnaithe ar na turasanna le tomhas a dhéanamh ar an fháid idir an Ghriain agus muid fhéin. Deintear tomhas den am a thógann sé dul trasna drompla na gréine ó dhá phointe ar an domhain agus ansin le matamaitic ag úsáid an fhaid idir an dhá áit agus an t-am is féidir a dhéanamh amach cén fháid ata idir sinne agus an Ghriain. Timpeall 93miliúin míle nó mar sin.

Is dócha gurb é an iarracht is cáiliúla agus is cruinne ná an ceann a rinne Capt James Cook sa bhliain 1769 i dTahití. D'fhág sé tuairisc iomlán lais an Royal Society i Londain agus níos déanaí rinne Kepler na sumaí agus fuair sé an freagra 93m míle!

3 comments:

  1. Gearóid Ó Laoi6/6/12, 9:51 AM

    Nárbh iontach an fear é an Captaen Cócaire! N'fheadar an bhfuil aon ghaol ag Seosamh Ó Cúig ó RNG leis?

    ReplyDelete
  2. Ceist mhaith!

    Ní dóigh liom é - Réabhlóidí ár Seosamh agus fear díúlis don Rí ab ea an captaen Séamus!!!

    ReplyDelete
  3. Beidh muid uilig sa chré nuair a tharlaíonn an trasdul seo arís, 2117 ní 2017!

    ReplyDelete