27.6.13

Íoróin!

An mise an t-aon duine nach thuigeann fealsúnacht daoine atá ar son ginmhilleadh, nó mar a deireann siad féin "rogha,!" agus atá i gcoinne phionóis an bháis?

¡Ar son agus i gcoinne!
Agus an mise an t-aon duine nach dtuigeann fealsúnacht daoine atá go láidir i gcoinne ginmhilleadh agus fós go láidir ar son phionóis an bháis?

Lig Gobharnóir Rick Perry, Texas, SAM, Kimberly McCarthy (Béarla) a bhású go dleathach inné. Is cosúil gur dúnmharfóir í an bhean seo a mhairaigh bean trí bhliain déag ó shin. Tá an poiliteoir seo, comharba George W Bush mar Gobharnóir ar Texas, go láidir ar son an píonós an bháis (Béarla). Cuireadh níos mó ná 230 daoine chun bháis i rith a thréimhse oifige.

Ach ag an am céanna deireann sé go bhfuil sé go mór ar son na beatha, nó ar san ar son na mbeo gan bhreith. Fiú nuair a bhíodar ag chur Kimberly McCarthy chun bháis bhí seiseann ag troid go thréan ar son na beo gan bhreith. (Béarla).

Mar a deirim ní thuigim!

Sílim go mbaineann loighic na doiléire leo siúd atá ag troid ar son an bille nua seo. Ní dóigh liom go mbeadh siad ar son pionós an bháis a thabhairt thár n-ais anseo. Ach i gcásanna áirithe deireann siad gur ceart dóibh, nó do dhochtúr, deireadh a chuir le saol duine gan bhreith.

Duine daona atá ann sa dhá chás.

Mar a deirim, ní thuigim!

• Féach ar "Dleathach ach mícheart?"




7 comments:

  1. @Agus an mise an t-aon duine nach dtuigeann...

    Sílim go míneodh fímínteacht, béalchráifeacht, easpa smaointeoireachta agus dalladh mullóg na cásanna dhuit, a Chódú!

    Fearn

    ReplyDelete
  2. Ní ionann deireadh a chuir le beatha duine saonta agus deireadh a chuir tar éis triail le beatha coirpigh.

    Táim i gcoinne an dá rud ach ní hionann iad.

    B'fhiú an idirdhealú a dhéantar sa Chaiticiomsa a cheadú ar an gceist:

    http://www.scborromeo.org/ccc/para/2267.htm

    ReplyDelete
  3. Maidir leis an leath eile den éagothromóid, baineann sé leis an cheist cad is duine ann.

    Iadsan atá ar son rogha, maíonn siad nach duine an ghin.

    ReplyDelete
    Replies
    1. Bun agus barr na ceiste? Ach ar an dtaobh eile i dtaobh ghinmhilleadh tá sé sáite i modh Hippocrates na Gréige go lom: (Níl ach leagan Béarla agam!) "I will neither give a deadly drug to anybody if asked for it, nor will I make a suggestion to this effect. Similarly I will not give to a woman an abortive remedy. In purity and holiness I will guard my life and my art." Ach is cosúil go bhfágtar é sin (agus píosa eile de) amach i scoileanna éagsúla!

      Delete
  4. Chonaic mé pobalbhreith fado a d'fhiafraigh de dhaoine an raibh siad ar son nó in aghaidh ginmhillte i gcasanna airithe, cosúil le coil, éigniú, baol don mháthair agus birth control. Bhí fórmhór na ndaoine {thart 80%) ar á shon i gcásanna coil, nó nuair a tharla éigniú agus ina aghaidh dá mbeadh baol ann do shlainte na máthar. Ach bhí fórmhór na ndaoine céanna, aríst thart 80% acu, ina aghaidh mar birth control.

    Agus tá sé sin ciallmhár. Sa gcaoi céanna, tá fórmhór againn den tuairim go bhfuil an ceart agat duine atá ag briseadh isteach i do theach a mharú, ach níl an ceart agat aoi a thug tú cuireadh dó a mharú. Tá sé sin ciallmhar. Tháinig sé as loighic.

    Tá dhá casanna éagsúla ann, ach tuigeann muid an difríocht.

    Sa gcaoi céanna a thuigeanns muid go bhfuil difríocht idir babaí neamhchiontach sa mbroinn agus dúnmharfóir.

    ReplyDelete
    Replies
    1. Tuigim san ach más duine atá sa mbroinn (agus creidim fhéin san) is marú duine atá i gceist is cuma cén bealach a ginneadh é nó í.

      Ceist chrua gan aon amhras. Bhí litir ag duine a uchtaíodh sa nuachtáin le déanaí agus ní raibh fhios aige an de bharr éigniú nó conas ar ginneadh é ach bhí sé buíoch gur lig a mháthair "nádurtha" dó theacht ar an saol agus mhol sé í.

      Níor mhaith liomsa a rá go bhfuil sé de cheart ag éinne fiú an stáit deireadh a chuir le beatha duine ar bith ach cabhrú agus seasamh leis an máthair agus gan í a náiriú.

      Dár liom féin i gcás dhúnmharfóir níl an ceart ag éinne deireadh a chuir lena bheatha ach an oiread fiú má táid ciontach. Tá an nasc a thugann Aonghus thuas spéisiúil ag caint faoi sin.

      Delete
  5. Brón orm...bionn siad **ar a shon** dá mbeadh baol ann don mháthair. Mo leithscéal.

    Ar aon chaoi...

    Ní raibh mé ach ag iarraidh a rá go bhfuil sé casta, agus níl an easpa loighce ag na daoine atá in aghaidh an ghinmhillte agus ar son pionós an bháis. Agus níl sé ceart ná cóir an fhimínteacht a chur iná leith. Níl sé sin fíor ar chór ar bith. Tá ceartanna ag na daoine atá ag íoc na gcánacha, agus ag an mbean agus an an mbabaí, agus ba cheart dúinn iad uilig a chur san aireamh.
    (Cailleann coirpigh á gceartanna nuair a sháraionn siad ceartanna daoine eile sa sochaí. Sin é an fáth bhfuil an ceart againn iad a chur faoi ghlas sa bpriosún.)

    Creidim go láidir go bhfuil sé ceart dúinn cinneaidh den sórt seo a dhéanamh go háitiúil. Ba cheart do dhaoine nach bhfuil iná gcónaí in áit éicint á ladair a choinneáil amach as ghnó nach mbainneann leo féin. : )



    ReplyDelete