22.1.14

Pardún do Mhargaretta D'Arcy!

Tá Margaretta D’Arcy (79) faoi ghlas le beagnach seachtain anois i bPríosún Luimnigh in ainneoin galar Parkinson a bheith uirthi agus í a bheith ag teacht chuici féin ó bheith buailte ag ailse. Cuireadh faoi ghlas í nuair a dhiúltaigh sí barantas a shíniú ag dearbhú nach mbeadh sí páirteach feasta In agóidí i gcodanna áirithe d’Aerfort na Sionainne.

 Tá iarrtha ag Seanadóir Shinn Féin Trevor Ó Clochartaigh go scaoilfí saor an gníomhaí frithchogaíochta Margaretta D'Arcy agus tá fáilte curtha aige roimh chuairt Sabina Higgins uirthi i bPríosún Luimnigh.

Sabina Higgins agus Uachtarán na hÉireann
ag Comóradh Maolra Seoighe i nGaillimh
(Nollaig 2012)
"Tá cuairt bhean Uí Uiginn dearfach agus is fiú a nótáíl go bhfuil sé de chumhacht ag an Uachtarán faoi Alt 13, mír 6 den Bhunreacht pardún a thabhairt do dhuine atá gafa.
Dá mba mhian leis d'fhéadfadh sé Margaretta a scoileadh saor le síniú peann."

Sílim féin nach féidir leis an Uachtarán an pardún sin a thabhairt gan cead ón Rialtas, ach bíodh san mar atá níl sé ceart bean den aois sin a chuir isteach i ngéibhinn. Tá an dlí déanta do na daoine agus ní an duine don dlí!

Tá an méid atá tarlaithe do Mhargaretta mídhaonna agus gan chiall. Seo bean 79 bliain d'aois atá lag go leor agus nach bhfuil i mbarr a sláinte. Níl aon baol inti do shlándáil an Stát agus is fimínteacht den chéad scoth on stát atá ann coirpeach a dhéanamh di de bharr a cuid gníomhartha frith-chogaíochta.

Bhí gach cineál coiriúlacht agus caimiléireacht ar bun sa tir seo ag baincéirí, forbróiri agus daoine gairmiúla eile le fada, a chosain na billiúin ar an stát seo. Níor cúisiodh aon duine acu sin sna cúirteanna, ná níor chaith siad oíche ar bith sa phríosún go fóoill.

Ach, tá gníomhaí síochána aosta, a bhfuil an galar Parkinson's ag dul di, a chuireann i gcoinne míleatú aerfort sibhialta, caite i bpríosún ar feadh trí mhí.

Ba chóir do gach pháirtí Rialtais gníomhú le cinntiú go scaoiltear Margaretta D'Arcy saor láithreach. 

1 comment:

  1. an ceart ar fad agat, a Eoin. Caithfidh go bhfuil na bardaitheoirí príosúin féin nairithe í bheith sa chillín acu.

    ReplyDelete