2.1.15

Fáilte ar Oíche Nollag!


Tháinig San Níoclás chugainn don gcéad uair le fada ar Oíche Nollag.

Chaith ár mbeirt garpháistí a chuid saoire linn lena dtuismitheoirí agus ba mhór an áthas agus gliondair agus lúcháir a bhí an nuair a chonaiceadar an méid stuif a d'éirigh leis an bhfear bocht a tharraingt aníos an similéar caol istig sa seomra suí.

Ar ndóigh scríodh litir chuige fadó le rá nach mbeidh siad ina dteach fhéin agus mar cabhair dó cuireadh comhartha breá aon-teangach taobh amuig den teach ionas nach gcailleadh sé a bhealach agus é ag dul thár timpeall Chonamara.

D'fhágadar bia agus deoch dó fhéin agus dá fhoireann réinfhianna agus is cosúil gur ith siad beagnach chuile rud a bhí ar an bpláta,

Tá nós againn sa teach sa searmanais beag a dhéanamh de lásadh coinneal na Nollag agus dúramar paidir beag buíochas as a thárl i rit 2014 agus ar son iad siúd nach raibh mórán acu ar fud an domhain. Lás an duine is óige an coinneal sulra cuireadh sa bhfuinneoig go cúramach mar comhartha fháilte don leanbh ar lá a bhreithe!


4 comments:

  1. Maith thú,

    Déarfainn go raibh beirt lánghliondar agaibh i ndiaidh San Níocláis.

    Is maith liom go bhfuil nós na coinnle deirge fós ar bun,

    Fearn

    ReplyDelete
  2. Tá gliondar orm go bhfuil Gaeilge ag San Níochlas, níl aon leithscéal ag na dIabhail stáit seribhisigh anois.

    ReplyDelete
  3. trácht deas - go maire siad a samhlaíocht agus go maire mbur sonas leo

    ReplyDelete