18.2.16

Réimhír sloinnte - ann nó as?

Mac, Ó, Uí, Mhic, Ní agus eile

Bhí píosa sa Chúradh Chonnachtach (Béarla) le deanaí le Dara Bradley ag caint faoi an tslí a tá Trevor Ó Clochartaigh agus Éamon Ó Cuív ar an bpáipéar vótála. Bé an Cuíveach a rinne é ar dtús á liostáil féin mar "Cuív Éamon Ó" seachas "Ó Cuív Éamon" agus tá an Clochartach ag déanamh an rud céanna anois. An toradh atá ar seo ar ndóigh ná go bhfuil siad thuas i measc na céad daoine ar an liosta le na C-eanna seacha thíos ag "O" ag a bhun. B'fhéidir go gcabhraíonn sé leo sa toghchán nó b'fhéidir nach gcabhraíonn.

Bhí mise ag ceapadh gur ceart i gcásanna sloinnte "Gaelach," sé sin sloinnte i nGaeilge (Ó, Mac, de, Ua, Ní, Uí, Nic, Mhic 7rl) an réimír a fhágáil ar lár nuair atá liostaí i gceist. Bhí an cleachtadh sin á úsáid nuair a bhí mise san bhunscoil, "in the time of the Barmacides!"

Bhí beagáinín díospóireachta faoi ar facebook agus roinn an Dr Kevin Scannell ón a dtaithí féin. "Phléamar an cheist seo le Google nuair a chuireamar Gaeilge ar Gmail. Comhairle dhifriúil ó gach foinse! An Sloinnteoir Gaeilge: "An córas aibítreach atá in Guide to Irish Surnames" a úsáidtear anseo - gan aitheantas aibítreach a thabhairt do na 'réimíreanna' Mac, Mag, Ó...". Roinn sé nasc chuig an páipéar seo: "Irish prefixes and the alphabetization of personal names" le Róisín Nic Cóil ( The Indexer, June 2011).

Tá spéis faoi leith agamsa anseo. Tá mé ag déanamh taighde ar ghinealas mo chlann féin le tamall.

Bhí fadhb ann mar ba mise an chéad duine a bhain úsáid as an leagan Ghaeilge den sloinne i gcónaí de réir an méid taghde atá déanta agam go dtí seo. Ach conas iad a choimeád le chéile. Mar sin shocraigh mé gan an réamh-fhocal Ó nó Úi nó Ní a choimead mar chuid den sloinne. Mar sin in "Riain Ó" atá ann and an réamh-fhocal ina dhiadh.

Tá dhá sloinnte eile "Gaelach" sa craobh ghinealaigh leis agus rinne mé mar an gcéanna leo siúd.

Tá innéacs de na sloinnte go léir le feiscint sa pictiúir thuas (brú air len é a dhéanamh níos mó.) Tá na sloinnte go léir le chéile, mas Riain , Núláin, Ionraic agus Cathasaigh iad! Tabhair faoi deara nach raibh fadhb ar bith agam leis an sloinne Ollannach "van der Plijum!"

Bhí mé lán cinnte dom fhéin ar dtús ar facebook ach anois níl mé chomh 'dogmatach.' Ach cinnte tá mé chun leanúint leis mo chleachtas féin.

Ó - ann nó as?

2 comments:

  1. Tá me ag deimhniú an bharúil a bhí agam le blianta fada- gur fearr déanamh ar shiúl le gach Mac, Nic, Ó, Ua agus araile. Ach gurb é go raibh orm gabhail chuig dlíodóir (ó thuaidh) i m'óige le leagan Gaeilge a dheimhniú d'fhonn úsáid oifigiúil, bheadh an Ní fagtha i mo dhiaidh fada ó shin.

    ReplyDelete
  2. Sílim a Chódú go bhfuil trí rud a phlé agat:1)Sloinnte chearta Dílse; 2)Sloinnte ar pháipéir ballóide agus 3) Innéascáil sloinnte.

    I) Tá dóigh de réir nóis, Sloinnte a scríobhadh. Má athraíonn tú é, athraíonn tú do shoinnte. Chead sin agat, dar ndóigh.

    2) Maítear go mbíonn seans níos fearr ag na céad ainmneacha ar aon pháipéar ballóide. Mar sin, cé nach mbainfeadh úsáid as athchruth sloinnte le d'áit a ardú. Ní athraíonn tú d'ainm, ach athraíonn tú do sheans bhótála.

    3) Sílim,abair, más ag plé le sloinnte Gaelacha, go mbeadh móramh na sloinnte faoi "Mac" "Ní" "Nic" agus "Ó". Bíonn innéacsáil níos éifeachtaí má bhíos scaipeadh níos leithne ar ainmneacha.i. innéacsáil le "chorp" an tsloinnaidh, cé go nglacaim nach bhfuil an fhdhb chomh mór anois le ríomhairí.



    Fearn

    ReplyDelete