30.5.17

Scáthchruth ag bun na spéire.

Bhí mé ag siúl ar an taobh ó thuadh de Loch na Lannach dhá lá ó shin. Ag breathnú ó dheas thug mé faoi deara scáthchruth ar bhárr airde i bhfad uaim. Cheap mé go mb'fhéidir gur duine a bhí ann ach an rud is aistí faoi ná nár bhog sé ach seas go ciúin. Lean mé orm síos chomh fada leis Céibh Cheann an Bhóthair (Baile an tSléibhe).

Bhí an lá go deas agus d'fhán mé ann ar feadh deich neomad nó mar sin ag breathnú ar an bhfarraige ag glioscarnach faoin ngriain. Ansin chas mé thár n-ais ach ar mo bhealach thár n-ais bhí an scáth úd imithe agus ní raibh ann ach an ard gan duine ná deoirí air.

Inné bhí mé ag c siúl arís ach an am seo thóg mé an bóthairín ó dheas ón teach agus chas mé ar dheis ansi i dtreo na Céibhe Nua nó Céibh an Chaoráin. Tá an bealach seo ó dheas ón loch úd. Ansin thug mé faoi deara go raibh capall ag breathnú orm ó chnoic beag ó dheas uaim. Ní raibh sé ag deanamh rud ar bith seachas seasamh go ciúin. Tá seans go raibh sé ag breathnú orm ach níor bhog sé agus bhí seans agam na pictiúirí seo a thógaint.

Lean mé orm siar chomh fada leis an céibh. Bhí an lá go h-álainn agus tár éis cúpla neomaid ag breathnú amach ar an bhfarraige agus ó dheas go hÁrainn, chas me ar ais abhaile. Bhi an capall imithe agus ní raibh rian de le feiscint.

Ach tá na pictiúirí agam.

No comments:

Post a Comment