11.10.18

Vóta ar cheist simplí nó..? An phobalbhreith eile!


Tá dhá phobalbhreith le bheith ar an 26ú lá den mí seo. Tá Toghchán Uachtarántachta le bheith ann agus tá fhios ag cach faoi seo agus feachtas faoi lán seol. Ach tá ceann eile ann: An Reifreann maidir leis an Diamhasla.

"Ní thugtar míniú ar an diamhasla sa Bhunreacht féin. Tugtar míniú dlíthiúil ar an diamhasla san Acht um Chlúmhilleadh, 2009."
An Coimisiún Reifrinn*
 Féach ar atá ráite sa treoir thuas ón gCoimisiún Reifrinn, "nach bhfuil miniú ar an diamhasla sa Bhunreacht féin." An bhfuil sé seo fíor? Nó an gá miniú a thabhairt? Nach bhfuil an miniú an-shoiléir ón bhfocal féin? "Dia" agus "Masla?"

Níl an miniú ró-shoiléir i mBéarla áfach muna bhfuil Gréigis agat (agus níl agam). Tagann an focal go bunúsach, deirtear liom, ón Sean-Ghréigis βλασφημέω, ó βλάπτω "gortú" and φήμη "ráiteas" nó "mír chainte".  Ar bhealach tá brí an fhocail "blaspheme" i mBéarla i bhfad níos leithne ná an focal sa Teanga Náisiúnta. Ach de réir na Bunrachta féin is ag "an téacs Gaeilge a bheidh an forlámhas!"

Má éiríonn leis an reifreann seo beidh cead ag an Oireachtas, nó agamsa, Dia a mhaslú trén Acht um Chlúmhilleadh 2009 a bheith mí bhunreachtúil.

Nó bhfuil dul amú orm?

* Is féidir an an treoir neamhspleách ar an reifreann maidir le diamhsala a íoslódáil anseo (pdf)

@RefCom_ie

No comments:

Post a Comment