2.11.18

Michael Davitt, Máire Mhic Róibín agus béile Iodálach ó thuaidh!


Baile ghnóthach atá in Inis Ceithleann. Téann muid ann anois is arís. Tá sé suite are oilean idir an dá Loch Éirne.

Is ansin atá oifig Arlene Foster agus tá ainm aisteach ar an nuachtán áitiúil, The Impartial Reporter (Béarla). Tá sé i lár ceantair feirmeoireachta agus tá sé ag brath go mór ar chuairteoirí ó taobh eile den teorainn. Ní fios cén éifeacht a bheidh ar an gceantair ag an mBreatimeacht.

Bhí ocras orainn agus chinneamar ar dhul chuig proinnteach Iodálach. Franco (Béarla) an tainm a bhí air. Cé gur cheapamar go raibh sé luath go leor - timpeall 7.00 sa tráthnóna - nuair a shriochamar an áit agus bhí cineál eagla orainn nach mbeadh spás ann dúinn nó go mbeadh feitheamh fada romhainn. Ach ní raibh gá le h-imní mar is áit an mhór atá ann agus fuarthas bórd i gcúinne dúinn.

Rinneamar muid fhéin chompórdach ann agus d'órdaíomar ár mbéile. Agus muid ag feithimh ann thug mo bhean faoi deara go raibh dán ag crocadh ar an mballa. Dán le Michael Davitt a bhí ann ag comóradh deireadh théarma Mháire Mhic Róibín mar Uachtarán na hÉireann.

Iarsholas
-ar shroicheadh deireadh a théarma don Uachtarán Máire Mhic Róibín

A Shoilse, is tú 'las
an solas a d'fhógair
fán ar ghorta
an spiorad.

Ar imeacht duit,
go maire níos mó
ná iarsholas
id dhiaidh.

Go maire fuil rábhach
na físe
Is ná déantar di
aisling tuí

a cheansódh
an fiach dúbh
faid a lobhfadh
na prátáí.

Michael Davitt
Ar choimisiún ó Bhórd na Gaeilge 1997

Tá scríofa ansin ina lám fhéin is dócha na focail seo.

"do Bheití
le grá ó
Michael
Nollaig '97"

Chuireamar ceist ar an bhfreastalaí faoi. Níor thuig sí cad a bhí ann agus miníomar dí cén bhrí a bhí leis. "Bhfuil éinne leis an ainm Beití anseo?" Dúradh go raibh agus duine d'úinéirí Franco a bhí inti. Ní raibh sí istigh ar an oíche áirithe sin faraoir. Dúramar leo bheith cinnte gur tugadh an dán úd faoi deara.

Bhí sé deas obair de chuid duine de fhilí "Innti" a fheiscint gan coinne in Inis Ársa Cheithlinn.

Bhí an béile féin go deas ann chomh maith - agus cáife deas ina dhiaidh.

Go ndéanadh Dia trocaire ar na marbh.

No comments:

Post a Comment