29.6.19

Seanchas clainne agus Cogadh na gCarad.

Mhearbhaigh Féilire Ghaeilge (@feilire) ar an gcóras giolcaireachta twitter inné gur ar an lá sin sa bhliain 1922 a thosaigh Cogadh na gCarad anseo in Éirinn.


"Ar an 28 Meitheamh 1922 a thosaigh a thosaígh Cogadh Cathartha na hÉireann nuair a d’ordaigh an Coileánach d’Arm an tSaorstáit na neamhrialtaigh sna Ceithre Cúirteanna a ionsaí, le soláthairtí arm agus lón lámhaigh ó Rialtas na Breataine."

Tá seanchas sa chlann sagainne faoin eachtra áirithe sin. Ní féidir liom é a cruthú ach bhí an scéal ag m'athair a bhí cúig mbliain d'aois ag an am.

Ba le clann m'athair an foirgnimh ar chúinne Sr Prionsias agus Sr Thomáis ag an am. Teach taibhrne a bhí ann ag an am. Ó dhíon an fhoirgnimh sin, atá ar bharr árd cheanna féine bhí radharc soiléar ar na Ceithre Cúirteanna áit a bhí Ruairí Ó Mordha agus a comráidithe a bhí tár éis oifigeach árd in airm an Saorstáit a gabhail. De réir seanachas sa chlann tháinig lucht Airm na Saorstáit chuig an teach agus gabhadar seilbh air mar chuid den ionsaí ar an Ceithre Cúirteanna.

Leis an ionsaí ar na Ceithre Cúirteanna a lean san a thosaidh an cogadh idir iad siúd a bhí ar son an Conartha agus iad siúd a bhí ina aghaidh.

Mar a deirim ní féidir liom é a cruthú. Chaill an clann an teach níos déanai i rith an "Spealadh Mór" (1929-1930). Idir an dál linn bhí sé ina Bhanc agus anois ina caifé caife - Caffe Noto!

Fuair m'athair bás sa bhliain 2005 agus mo Sheanathar sa bhliain 1956. Go ndéana Dia maith dóibh!


Seans go mbeadh suim sna píosaí seo faoin dteaghlach i rith Éirí Amach na Cásca agat!

• Céad bliain is an lá inniú! - 1 #Éire2016 (29/4/2016)

• Céad bliain is an lá inniú! - 2 #Éire2016 (2/5/2016)

• Céad bliain is an lá inniú! - 3 #Éire2016 (8/5/2016)

No comments:

Post a Comment