20.7.19

Céim agus léim!

Turas ar arthach farraige agus turas ar spás arthach!

Socraíodh lóistín i Sr Aibhistín dúinn. An maidin dár gcionn d'éiríomrar go luath agus sleamhnaíomar istig i gcúl dhorais an Séipéil Aibhistínigh le haghaidh Aifreann luath sular osclaíodh an eaglais féin.

I nGaillimh a bhí mé agus páirteach ar thuras go hÁrainn leis An Réalt caoga bliain ó shin. D'fhág an bád Gaillimh féin go luath gach maidin ag an am sin. Bé mo chéad turas ar Inis Mór agus thóg an bád  - an Galway Bay a bhí ann - timpeall trí uaire dul go Cill Rónáin an áit ar thóg mé mo chéad chéim ar thalamh naofa Árainn.

Tá cuimhne maith ar roinnt de na rudaí a thárla agus cuid eile dearmadta agam ar ndóigh - Caoga bliain ó shin!

Na Seacht dTeampail.
Tógadh muid siar ar an oileán chomh faide le Cill Mhuirbhigh agus iar uaidh go tithe éagsúla. Cuid againn le muintir na háite, cuid againn a thóg teach saoire don seachtain agus beirt no triúir faoin chanbhás. B'shin an chéad uair dom dul ag campáil chomh maith. In aice le na Seacht dTeampail a bhí sé.

Is cuimhin liom ag iarraidh an pobal a chuir suas agus fear a tí ag dul tharaim agus é a rá "Tá an talamh tanaí ansin!" Agus bhí. Bhí sé deachair go leor gream ceart a fháil le na pionna phubaill a dhainginiú ann. Ar deireadh d'éirigh liom agus bhí codladh cuíosach maith agam sna oícheanta tosaigh. Níos déanaí áfach tháinig báisteach gaothmhar  a leag an phoball agus caith mé an cuid eile den gcuairt ar úrlár cheann de na tithe saoire.

Bhíodh béile agam leis na daoine a bhí ag fanacht sa teach agus mar sin ní raibh orm aon chócaireacht a dhéanamh!

Is cuimhin liom ag dinéar ar an Domhnach - bhíodh dinnear i lár an lae ag gach éinne sna laethanta sin - go raibh cluiche ar siúl ar an Raidio. Bhí an tAth Benedict ODC i meas na sagairt a bhí linn agus bhí an spéis aige sa cluiche - is dócha gur Cill Ceannaigh bhí ag imirt mar ba shliocht muintir Langton é an Ath Benedict. Bhí Amhrán na bhFiann ar siúl ag tús an tráchtaireacht ach bhíomar fós ag an mbord agus is beag aird a thugamar ar an Raidío. Bhí an sagart in aice leis an Raidío agus seas sé suas díreach dom gceol. Leanamar inár suí ag ithe. Tá mé ag ceapadh gur árdaigh sé an fhuaim ach mo léan is beag éifeacht a bhí aige orainn is muid ag caint, ag gáirí agus a baint taitneamh as an béile agus an comhluadar le meas a thaispeáint don Amhrán Náisiúnta!

Is cuimhin liom leis oícheanta cheoil sna tithe ann chomh maith. Bhí fáilte is fiche roimh éinne i gcistineacha do na hoícheanta sin. Is cuimhin liom go raibh beirt ón ísealtír ann agus iarradh ortha rud éigin a casadh dúinn. Chanadar a Amhrán Náisiúnta na tíre sin - Het Wilhelmus (Ísiltíris). Tá an fonn sin i mo chloigeann ó shin.

Is ansin chomh maith a chéad chuala mé duine ag canadh sa sean nós nach chuid de chomórtas é. Fear a'Tí ag canadh "Contae Mhuigheó"

"Ar an loing seo, a Phaidí Uí Loinsigh, 
is ea a bhímse ag déanamh bróin,
Ag osnaíl ins an oíche is ag síorghol sa ló,
Ach anois ó dalladh m’intinn, is mé i bhfad ó mo mhuintir,
Dar m’fhocal, is maith a chaoinfinnse Condae Maigh Eo."

Cos in airde - 20 Iúl 1969
Ar ndóigh i rith na seachtaine seo bhí triúr eile ag déanamh ar áit nach rabhadar ann riamh roimhe, nach raibh duine daona ar bith eile ach an oiread.  B'iad, Neil tréanlámach, Buzz agus an Micheál Coilleánach eile. Bhí roinnt de na daoine i dteach le teilifiseán ann agus labharadar faoi bheith ag breathnú ar an Iolar á isiliú ar Mhuir Shuaimhnis na Gealaí. Is cuimhin liom níos deanaí san oíche ag éisteach ar transistor beag a bhí agam is mé i mo luí sa phoball agus mar nach raibh mé na focail a dúirt Neil a cloisint i gceart de bharr trasnaíochta atmaisféarachta. Ní céim amháin a thóg sé ach léim fhada.

Bhí céilí againn i gCill Rónán chomh maith agus is cuimhin liom gur chuir sé íontas agus sástacht orm gurb é an ceol a bhí acu do "Set Árann" ná píosa ceol a bhíodh á chasadh ag mo Sheanathair (as Inis Cóirthe ó dhúchas).

Agus is is Árainn ansin i rith na seachtaine a bhí mo chéad amharc ar an mbean a phosfainn i gcionn ceithre bliain eile.

Ach sin léim iomlán eile....
Úrú ghealaí a tharla ar an 16 Iúl 2019

• Árainn agus an Ghealach! (27/8/2012)
• Calafort Chill Rónáin (6/3/2013)

No comments:

Post a Comment