31.7.20

Céard tá taobh thiar de figiúirí lom i dtuairisc?


Ní minic a bhím scanraithe.

Tháinig tuairisc amach ón Rialtas le deanaí a chuir scáth imeaglach ar mo chroí. Ní scanradh a mhothaidh mé fúm féin - mar a bheadh ann dá mbeadh timpist boithre ann nó duine um ionsaí le gunna. Ní h-ea, ach eagla, díomá meascadh le náire b'fhéidir.

Tuairisc faoi Foirceannadh Toirchis a Rialáil don bhliain 2019 a bhí ann. De réir dlí tá sé riachtannach tuairisc ar "gach aon fhoirceannadh toirchis" a chuir chuig an Aire Sláinte agus go bhfuil ar an Aire tuairisc a ullmhú agua a fhoilsiú roimh deireadh Mheithimh gach bhliain.

Tuigim nach n-aontaíonn an chuid le mo dhearcadh ar na cúrsaí seo. Creidim gur duine daonna atá chomh-déanta ag fear agus bean atá sa broinn ón tús. Ní fhaca mé rud ar bith in aon áit a chruthaíonn a malairt dhomsa. Ní bhraitheann sé seo ar chonas a thárla an duine óg a bheith ann - éagniú san áireamh. Dár liom-sa is daoine daonna atá ionta ar fad.

Bíodh sin mar atá. Ar ndóigh tuigim cinnte nach mbíonn fáilte i gcónaí roimh an nuacht agus go ró-mhinic fagtar "an fhadhb" leis an mbean ina haonair. Go minic níl an fear le feiscint - bhfuil suim ag lucht dlí an cheist áirithe sin a iniúcadh? Ceist na bhfear sna cúrsaí seo?

Tá na figiúirí lom neamaiteach sa tuairisc:


Is cosúil ó na figiúirí fuair seo go raibh fadhb sláinte i 124 cásanna. Ach is cosúil nach cúrsaí sláinte a bhí i gceist i 6542 cásanna - gur mná sláintiúil agus "féatas" sláintiúil a bhí ionta.  Cuireadh deireadh leo ar fad faoi dlí na hÉireann - go dleathach.

Tá ceist eile agam chomh maith. Cad a thárla do na mná seo. Bhí ortha an cinneadh truamhéalach seo a dhéanamh, go minic b'fhéidir gan aon chúnamh ón bhfear nó óna muintir féin. Conas tá na mná seo, 6666 dóibh, tar éis an foirceannadh seo? Bhfuil fhios ag an Aire?

Conas tá na mná?

Ní deirtear linn.


Dleathach ach mícheart (Bealtaine 2013)
• Edward - m'uncail agus Máirín - mo dheirfiúr! (Lúnasa 2016)

No comments:

Post a Comment