23.10.21

Céiliúradh Fhuaim na hÉireann - 6 Samh. 2021

Glacfaidh na céadta píobairí ar fud na cruinne páirt in imeachtaí ar an 6ú Samhain le ceiliúradh a dhéanamh ar Lá Idirnáisiúnta na bPíob Uilleann.

 Lárionad NPU,Shráid Henrietta, BÁC
Beidh an lá, ina ndéanfaidh píobairí ar fud na cruinne ceiliúradh ar ‘Fhuaim na hÉireann’, ar siúl Dé Sathairn, 6 Samhain 2021.

Ó chuir Na Píobairí Uilleann (NPU) tús leis sa bhliain 2011, tá fás suntasach tagtha ar Lá Idirnáisiúnta na bPíob Uilleann, agus i mbliana beidh breis agus 50 imeacht ar siúl in os cionn 23 tír. Ina measc na dtíortha sin tá An tSeapáin, Cúba, An Astráil, An Indinéis, An Airgintín, SAM, Meicsiceo, Ceanada, an Iodáil, an Fhrainc, an Spáinn agus, ar ndóigh, sa bhaile in Éirinn.

Beidh láthair cháiliúla ar nós Stáisiún ‘Grand Central’ i Nua Eabhrac, Trá Copacabana sa Bhrasaíl, Caisleán Stormont i mBéal Feirste, agus Teach Solais Rinn Duáin i Loch Garman in úsáid i mbliana, agus eagarthóirí agus rannpháirtithe úra ag glacadh páirte chuile bhliain.

I mbliana, cuirfidh NPU píobairí ó Éirinn chuig imeachtaí a eagraíodh in Madrid, Parma, Londain agus Cardiff, le caidreamh láidir atá bunaithe ar ghrá coiteann don phíobaireacht a bhunú agus a chothú.

Agus baill ag NPU ar fud na cruinne, cuireadh tús le Lá Idirnáisiúnta na bPíob deich mbliana ó shin mar chuid de chlár leathan for-rochtana na heagraíochta, a bhfuil sé mar aidhm aige pobal idirnáisiúnta píobairí a thabhairt le chéile, agus an uirlis a chur ar fáil do phobal níos leithne.

Cuirfidh eagarthóirí áitiúla – cuid díbh nach bhfuil baint ar bith acu le hÉirinn ó dhúchas – ceolchoirmeacha, seisiúin déantús agus choinneáil píob agus taispeántais ar siúl i ndánlanna, in ionaid ealaíon agus cultúir, i leabharlanna agus i dtithe tábhairne.


@Napiobairi #Ceol


No comments:

Post a Comment