7.10.21

Vertical man - Seán Ó Riada.


Tá muid a smaoineamh ar shaol agus ar shaothar agus ar oidhreacht Sheáin Uí Riada sna laethanta seo. Cailleadh é caoga bliain ó shin.

Is maith is cuimhin liom Domhnach a bháis agus an conas a chuaig sé i bhfeidhm orm. Tháinigh na deora chugam! Níor thárla sé sin dom nuiar a fuair éinne eile bás, fiú mo thuismitheoirí féin. Cén fáth?

Ní raibh aithne orm air an bhfear. Sea, chonaic mé é ag coirmeacha cheoil. Ní raibh mé ag an ceann mór sa Gaeity ach bhí mé ag ceann speisialta a bhí aige le Ceoltóirí Chualann ag Ardán Phort an Iarla nuair a bhí an Ollscoil ann. Is cuimhin liom é a bheith ag Club Oireachtais san RDS lena bhean Ruth agus a bheocht agus an meas a bhí ag an gcomhluadar ortha beirt. Is dócha gurb é trén gceol a bhí cineál aithne agam air nó ar an mbrionglóid a bhí ann ina chroí aige. Bhí fhios agam in mo chroí féin go raibh rud éigin luachmhar imithe uainn. Bhí mé ag smaoineamh ar gceol agus an ardú anama sna todhchaí a bheadh ciúinithe do mhuintir na hÉireann.

Bhí na ceirníní go leir ó Ghael Linn agus ceann ó Chladagh Records (le Nomos Uimh 1 - Hercules Dux Ferrariae agus amhráin á chanadh ag Bernidette Greevy faoin dtideal "Vertical Man") agam. Mhothaigh mé rud éigin ina chuid cheoil. Mothaím fós é gach uair a cloisim píosa dá chuid. Tá an obair a rinne sé le ceol tradaisiúnta na tíre thar a bheith tabhachtach agus b'fhéidir go bhfuil níos mó cháil ar sin agus a cheol don Aifreann. Ach tá an ceol clasaiceach an suimiúl chomh maith. Tá samplaí le cloisint at shuiomh an Contempory Music Centre. Éist leo!

Bhí clár ar RTÉ 1 le Blathnaid Ní Cofaigh agus mac Sheáin, Peadar Ó Riada, ag caint. D'inis Peadar an scéal faoi conas a bhí air áit a athair a thógaint ag an harmonium i séipéal Chúil Aodha. Bhí Seán san oispidéal agus d'iarr sé air - stócach 17 mbliain d'aois - an Aifreann "a thógaint" ar an nDomhnach. Cé go raibh amhras ar Pheadar rinne sé é ar an nDomhanch sin é, ach ceithre seachtaine ina dhiadh sin is ag socraid a athar a bhí sé ag seinnt. Bhí brón agus briseadh chroí i bhfreagra Bhlaithnid, "Oh a Pheadair!" agus bhí mé thár n-ais agus ag cloisint an nuacht ar an nDomhnach úd caoga bliain ó shin, fiú deoir nó dhó i mo shúile!

An dá Sheán.
Bhí agallamh le cara mór Sheáin, Seán Ó Sé, ar chlár Tristan Rosenstock ar Raidío na Gaeltachta le déanaí chomh maith. Ba léir an grá a bhí ag an dá Sheán dá chéile agus cheap mé anois is arís nach mbeadh Seán (Ó Sé) i ndán leanúint ar aghaidh leis an agallamh.

Bhí an chlár ar An Saol ó Dheas ar Raidio na Gaeltachta chomh maith ina raibh an seachtar pháiste  ag cuimhneamh ar a dtuismitheoirí agus iad óg. 

Tá oidhreacht Sheáin Uí Riada beo fós agus mairfidh sí go deo. Tá muid go léir faoi chomaoin aige ní hamháin as an ceol a d'fhag sé linn ach as an fhás agus a fhorbairt a tháinig ar an gceol sa tír ó shin.

I measc chóir na nAingeal go raibh sé agus a bhean.

No comments:

Post a Comment