21.2.25

Céasadh bhuachalla!

Bhí mé istigh i siopa Chló Iarchonnachta le leabhair áirithe a cheannach, nó le firinne a rá le taispeáint le mo bhean cé leabhair a thaistigh uaim mar bronntanas Nollag!  D'aimsíomar an leabhair sin agus ansin chonaic me leabhar eile a chuala mé trácht air. Thóg mé suas é agus dúirt mé rud éigin faoin leabhair gur chuala mé caint faoi ar an Raidío. Is cosúil go bhfaca an bean a bhí i bhfeidhil sa siopa ag an am muid ag caint faoi. Mhol sí an leabhair go hard agus ansin dúirt mo bhean go gceannódh sí é sin chomh maith leis an leabhair eile. Cé nach raibh mé ró thóghtha le h-ábhar an leabhair cheannaigh muid é.*

Thosaigh mé á leamh nuair a bhí an stoirm  (Éowyn) ar siúl agus cé go bhfuil an ábhar cráiteach agus uafásach bhí sé an éasca le léamh. Bhí an Gaeilge deas nádúrtha ann agus bhí sé inseacht soiléar ar imeachti nó eachtraí a thárla don údar ina bhuachaill óg naoi mbliana d'aois agus an éifeacht a bhí air agus ar a shaol as sin amach mar bhí sé "sáinnithe!"

Léirmheas de chuid Alan Titley (Tuairisc 4/2/2025)
Cuntas coscrach corraitheach cróga ó Pheadar Ó Máille ar scéal uafáis!
Deineadh ionsaí gnéis uafásach air nuair a bhí sé sa bhunscoil ag Bráthair Proinsiscánach. Nuair a thárlaíonn rud mar sin do dhuine óg ar dtús tuigeann siad gur rud neamh gnách é agus ní thuigeann siad cad is ceart a dhéanamh faoi. Mar a deirewann sé sa insint seo thosaigh na bréaga ansin, bréag in ndiaidh bréag dá dtuismitheoirí, dá cháirde. Agus thosaig an dímheas air féin a chuir isteach ar a shaol nó mar a deireann sé fhéin an "Léirmheastóir Inmheanach" á chrá i gcónaí. Ní raibh aon faoiseamh dairíre aige go dtí gur roinn sé a thárla lena chlann féin, a bhean agus a mhac.

Bhí dhá mír den leabhair a chuaig i bhfeidhm ormsa níos mó ná an deich gcaibidil eile.

Tá an chuir síos aige ar an eachtra agus ar smaointe buachaill óg ina dhiaidh sa caibidil "M'Óige Millte." Chuireadh sé ag caoineadh thú agus ag am n am ceanna deanfadh sé feargach thú an díobháil a rinne an Bráthar seo ar lead óg neamhurchóideach, fiú saonta. Mothaíonn tú an crá croí, an uafás, agus an mearbhall intinne in aigne bhuachaill óg ar na leathanaigh.

Téann a shaol ar aghaidh agus a crois seo A iompair aige agus ansin oíche amháin blianta ina dhiaidh bíonn sé ag breathnu ar an nuacht ar an teilifís. Scéal an sagart Norberteach Brendan Smyth a bhí ann agus mhúscail sé an rún istigh ina chroí is a aigne arist. Chuir sé isteach ar a chuid sláinte agus thuig a chlann go raibh rud éigin ag chuir isteach go mór air. Diaidh ar ndiadh d'éirigh leis dul i bhfeidhm ar a chuid smaointe agus ar a chuimhne ar na rudaí uafásacha a thárla do.

Eaglais gan  Críost!
Tá caibidil ann faoin eaglais agus an bealach ar thréig sé é - agus ar thréigh sí an chuid dá páistí. I bhfocal stairí Diarmuid Feirriter "Eaglais Caitliceach a thréigh a Críostaíocht", ach ar bhealach tá fhios againn faoi seo, na tuairiscí a foilsíodh agus tá fós á fhoilsiú. Níl mé ag rá go bhfuil muid tuirseach de seo ach b'fhéidir go bhfuil muid imithe i dtaithí ar teip na hEaglaise. Mar sin féin is fiú dearcadh an údair a thuiscint tréna shuile.

Ach mar a dúirt Joe Lee ina leabhair "Irelnd 1912-1985" Cé gur ceart cúrsaí Eaglasta a scrúdú ní hiad an t-aon dream gur ceart iniúcadh a dhéanamh ortha. Dá bhrí sin tá cur síos ar a rinne na Gardaí, an Roinn Sláinte agus an Rialtas. 

Éadóchas!
Is é an caibidil faoin Roinn Oideachas a chuir isteach orm níos mó ná aon scrudú eile atá sa leabhair seo. Téann suas go dtí an Rialta deireannach agus na ráitaisí, na scéimeanna cúiteamh, na bacanna a cuireadh ar na hIorbartaigh a d'fhulaing. Agus mé ag léamh bhi mé a smaoineamh go rabhadar níos measa ná aon dream eile, fiú an Eaglais féin! Rinneadar iarracht fiú idirdhealú idir scoileanna faoi chúram na hEaglaise (Bráithre, Sagairt, Mná Rialta) agus daltaí a bhí ag freastal ar scoileana faoi chúram stáit (Scoileanna Náisiúnta 7rl). Tá neart samplaí anseo de na baic leanúnacha, cleasanna dlí agus eile fiú dul thár timpeall breithiúnais na Cúirte Eorpaigh um Cearta an Duine, "Bhí agus tá freagracht ar an Stáit i gcás na n-íobartaigh/marthanóirí!" Ach mar a deireann sé faoin chaoi ar chaith an Roinn leo, "feileann an leasainm an Roinn Éadóchas dhi mar Roinn."

Is leabhir tabhachtach é seo agus is ceart é a thabhairt chuig gach ball den Roinn Oideachas, Sláinte agus ar ndóigh chuig gach uile ceannaire Eaglasta. Is fiú go mór dúinn go léir é a leamh agus foghlaim uaidh!

Tá brón ann, ach tá dóchas ann chomh maith dá liom. Seo fear a d'fhulaing, agus tá fós ag fulaingt ach bhi sé cróga go leor lena scéal a insint dúinn.

Go raibh síochán in aigne agus gliondar ina chroí. Tá seirbhís déanta aige dúinn go léir..


*Sáinnithe - Scéal Íobartaigh - Peadar G. Ó Máille; Cló Iar-Chonnacht 2024: ISBN 978-1-78444-290-3.


15.2.25

Bí ar do chompord!

Ceann de na buntáistí le Éowyn ná nach raibh an idirlín ag obair, nó an teilifeasán agus ní raibh an méid sin rudaí ann le chuir isteach in mo chuid léitheoireachta.

Chríochnaigh mé leabhair Rónáin Mhic an Iomaire ar Ghluiseach Cearta Sibialta na Gaeltachta*, agus léigh mé dhá leabhair eile - taobh istigh le dhá seachtain. Níl fhios agam caithain a rinne mé é sin cheanna!

Mar a dúirt mé cheanna bhí an suim agam sa leabhair Gluaiseacht, mar is cuimhingn liom go maith nuair a bhí sé na cúrsaí sin ag tárluint agus rinne mé iarracht cabhrú leis ó Bhaile Átha Cliath. Is cuimhin liom bheith sa Bonnán Buí, club de chuid Chaitlín Maude, agus Máirtín Ó Cadhain ann ár ngriosadh agus muid ag chur seoltaí ar chlúdaigh don toghchán. Uiar eile bhí dorn beag againn i gcarr agus rinneamar na comharthaí bóithre ó Bhearna go Carna a phéinteáil oíche. Bhí aithne agam ar Des Fennell agus thuig mé an "teannas" abhí idir a dhearcadh ar chúrsaí agus an dearcadh a bhí ag an-cuid sa "Ghluaiseacht." Tá sé seo léirithe ag an údar go h-an soiléir sa leabhair.

Ar éirigh leis an Gluaiseacht? D'éirigh agus níor éirigh. An teip is mó dár liom nár nár éirigh leo Údarás ceart Gaeltachta a fháil, údarás ag feidhmiú mar údarás ceart áitiúl do phobal na Gaeltachta. Mar a deireann Rónán tá obair fós le déanamg ach go bhfuil spreacadh fós san iolar!

Nuair a bhí sé sin críochnaithe agam léim mé isteach i leabhair eile a bhí an difriúl ina ábhar - cúrsaí ceoil sa ochtú aois déag. Scéal oratóra Georg Friedrich Handel, "Messiah"1. Bhí fhios agam go raibh a céid léiriú den píosa álainn ceoli i Sráid Sheamlas an Éisc i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1741. Ach is beag eile eolas a bhí agam.

Bí ar do chompórd (Be comforted)! Is mar sero a thosnaíonn gach léiriú de "Messiah." Is maith é mar gach uair a cloisim an ceol sin - agus ní an loinneog Halleluia amháin - tagann cineál suimhneas orm.  

Bhí fhios agam gur Gearmánach a bhi ann, go raibh sé ag obair faoi Toghthóir Hannover thoir ansin ach go raibh sé beagáinín corathónach agus chuaig sé go Londain sa bhliain 1711. Ní raibh sé ann i bhfad sula bhfuair Banríon Áine bás agus bhí fadhb ag Sasana duine a fháil a bhí ina protustúnach le bheith ina Rí ortha. Chuadar tré an craobh ghinealaigh agus fuaireadar amach gurb air Toghthóir Hannover a thit an onóir. B'shin Seoirse I a tháinig i réim sa bhliain 1714. Bhí an cháil ar Handel agus rinne tá fós cáil ar roinnt dá bhfuil scríofa aige do Rithe Shasana, "Zadoc an Sagart", "Ceol an Uisce" ach thár aon rud eile an píosa úd "Messiah."

Tosnaíonn an leabhair le scéal duine nár chuala mé trácht air go dtí seo, Charles Jennens. Ach is duine an tabhachtach é sa scéal mar gan é is ar éigin go mbeadh an trathnóna stairiúil úd ar an 13ú lá deag 1743 i "Neale's Musick Hall" ar Shráid Sheamlas an Éisc! Ba úinéir talún saibhir a bhí i Jennens agus caith sé a chuid ama ag staidéar agus ag scríobh. Chuir se cuid dá iarrachtaí chuig Handel agus uaireant bhain Handal úsáid astu mar leabhróg in oratóra mar " Saul " a chum Handel sa bhliain 1735.

Ba fear gnó é Handel thár rud ar bith eile. Mar aon le Shakespeare roimhe bhí sé ag obair le airgead a dhéanamh. Is cosúil go raibh cáil thár na bearta air agus bhí sé ag cumadh ceoldrámaí mar aon leis na oratóirí. Mar sin nuair a chuir Jennens na focail don "Messiah" go luath sna daicheadí. Bhí Handel ag obair air anois is arís sular chuigh sé go hÉirinn ar chuireadh ón Tiarna Devonshire, Fear Inad an Rí ag an am. Ní mór ná sásta a bhi Jennens nuair a chuala sé go raibh Hnadel imithe go hÉirinn leis.

Sráid Sheamlas an Éisc, BÁC
Bhí roint coirmeacha cheoil aige san hall sin ach ní raibh aon chinneadh déant faoin Messiah go dtí go fíor déanai. Rinne Handle gach rud a eagrú , cóir ó Ardeaglais N. Pádraigh agus Eaglais Chríost. D'éirigh thár barr leis i mBaile Átha Cliath ach níor raibh coirmceoli i Londain go dti níos déanaí agus thóg sé tamall ar muintir Londain é a mheasúnú nó maistreacht cheoil Handel a thuiscint.

Téann an údar go mionn sna cúlscéalta - coimhlint na Stiobhrtach le Tí Hannover, aisteoir mná i dtrioblóid, Déan Swift, páistí tréigthe, sclábhaíocht Mhoslamach agus eile.

Chuir sé leabhar Mhic an Iomaire i gcuimhne dom sa bhealach sin. Ba faoin Messiah nó fain nGluaiseacht a bhíodar go príomha ach bhí na cúl scéalta chomh suimiúil leis an bpríomh ábhar.

D'fhéadfá sult-léitheoireacht a thabhairt ortha!


*An Ghluaiseacht, Scéal Chearta Sibhialta na Gaeltachta, - Rónán Mac Con Iomaire; Cló Iarchonnacht 2024; ISBN 978-1-78444-291-0
1
Every Valley, The story of Handel's Messiah, - Charles King; The Bodley Head, 2044; ISBN 9781847928450


8.2.25

Ionsaí Éowyn.

Bhí an ceart ag MetÉireann nuair a thuair siad stoirm faoi leith a bheidh ann in Éowyn! Seo mar a thárla dúinne.

17 Ean:
Chaitheamar seal i mBaile Átha Cliath agus bhí muid ag súil teacht abhaile ar an Sathairn (18 Ean) ach nuair a chualmar an "forógra" ó MetÉiraenn rinneamar cinneadh teacht abhaile ar an Deardaoin.

An oíche sin chuamar a choladh thár timpeall 22:30 agus cé go raibh sé gaothmhar ní raibh sé ró olc.

I rith na oíche chualamar í á láidriú. Bhí Éowyn tagtha. Bhí fothram ard glórach le cloisint agus an ghaoith ag séideadh thár timpeall an tí. Is féidir linn an fhairrige a fheiscint ón tí, Inis Mór amach nuar nach bhfuil sé scammalach nó ceomhar agus uaidh sin níl rud ar bith idir muid agsu Meireacea Theas ach an Atlantach fiáin.

18 Ean:
Am éigin i rith na hoíche theip ar an aibhléis agus nuiar a d'éirigh muid bhí sé fós imithe. Bhí beagáinín taithí ar sin mar thárla sé timpeall dhá mhí roimhe nuair a bhí titim mór sneachta ann a bhris an ceangal idir an chuid seo de Chonamara agus an saol amuigh! Thóg sé beaghnach ceithre lá an ceangal sin a athdhéanamh. Dá bharr sinn bhí cocaire beag campála gáis ceannaithe againn. Mar sin bhí sé éasca uisce a théú.

Bhí tine again i seomra amháin agus lásadh é sin agus is beag ná chaitheamar an t-am ar fad sa seomra sin. Bhí raidío beag againn a bhí ag obair agus diaidh ar ndiaidh chualamar ar ché chomh dona is a bhí a stoirm ar fud na tíre.

Bhí sé fós gaothmhar ach ní raibh sé chomh láidir.

Ansin thug muid faoin ndeara nach raibh na fóin phoca ag obair. Mar sin ní rabhmar i ndán aon eolas a fháil ar chaithin a bheidh sé thár n-ais! Bhí sé ag éirí níos gile agus chuaig mé amuigh le feiscint an raibh aon damáiste déanta thar timpeall an tí. 

Ceangal briste!
Ní raibh mórán damáiste ar an teach seachas roinnt "ridge tiles" a bhí bainte ó bharr an díon. Tá an teach á úsáid mar "node" don leathan bhanda ar Airwire, ("Ag nascadh pobail an Iarthair"),  a thugan seirbhís don cheantair (An Ceathrú Rua Thoir, Leitir Móir agus agsu Árainn) agus bhí se loite ar fad. Buíochas le Dia ní dhearna sé aon damáiste do teach fhéin nuair a thit sé.

Tá gnáth fón - líne talún - againn sa teach agus nauir a rinne mé iarracht teangabháil le h-oifig Airwire i nGaillimh ní raibh sé ag obair. D'fhág sin nach raibh ach Bhí raidió trasraitheora beag againn Mar sin bhíomar i ann an nuacht a chloisint. Ach ar dtús ní raibh le cloisint ach go raibh a stoirm go dona ach ba bheag an méid eolais ar ché chomh dona is a bhí sé ar fúd na tíre. Ba cosúil go raibh Baile Átha Cliath ceaert go leor. Bhí níos mó eolais ag teacht isteach ar Raidío na Gaeltachta ar ndóigh.

Go déanach ar an Sathairn chualathas fothram ón bhfón tí. Bhí se beo arís. Fuaireamar glaoch ó ghaolta linn i mBaile Átha Cliath. Bhíodar ceart go leor agus gach rud ag obair, fónannaí, idirlín, uisce agus cumhacht. Cheapadar gur theip an aibhléis i rith na h-oíche mar bhí na lasca ama stoptha ag amantaí mícheart.

Bhí an fón phóca fós gan comhartha.

Bhí siad ábalta dul chuig an suíomh idirlín dúinn le fáil amach caithin a bheadh an cumhacht thár n-ais againn. Thug sé an Luain ar 21:30 a bheadh sé thár n-ais. Bhíomar ag éirí imníoch faoin mbia a bhí istig sa cuisneoir tár éis an méid sin ama - ceithre lá gan cumhacht.

Bhí mé ábalta glaoch a chuir ar Airwire agus tuairisc a thabhairt ar an loit iomlán ar an aeróg ar an teach.

19 Ean:
Ní raibh aon fheabhas ar chúrsaí. Dúradh ar an Raidío nach mbeadh Aifreann ar bith sa cheantair ar an nDomhnach san. Bhí chuile áit gan cumhacht.

Bíomar ag ullmhú dul a leabadh timpeall leathúir tár éis a seacht sa oíche agus ar mo bhealach thuas staighre thug mé faoi deara go raibh solas ar "extension lead" atá agam. Bhí an cumhacht thár n-ais againn. Bhíomar i ndán breathnú ar an nuacht ar an teilifíseáin agus ag an saol eile!

Bhí athrú ar an bhfón phóca bhí fógra air go mbeidh muid i ndán glaoghanna éigeandála a dhéanamh.

20 Ean:
Bhí se deas cioth a bheith againn ar maidin agus bhí an teas lárnach ag obair. Fós ní raibh Vodafone again ná an idirlín ach bhí fadhb eile ann. Bhí an brú uisce an íseal. Is cosúil nach raibh sé láidir go leor an "tank" thuas san áiléar a líonadh agus nach raibh fhos againn. Ní raibh uisce san seomra folcadh againn ach bhí uisce sa príomh fhoscadh sa chistin ach bhí sé sin an lag. Ach níos dénaí i rith an lae chualamar an tanc á líonadh arís.

21 Ean:
Tá obair le deanamh agam agus bainim an úsáid as an idirlín dó san. Rinne me iarracht dul chuig GTeic, suíomh Údarais na Gaeltachta ach ní raibh aon chumhacht acu ar an Spidéal, An Ceathrú Rua nó ar na Forbacha. Rinne mé teagabháil le comhlucht ríomhaire i mBearna (Computer Troubleshooters) a rinne cúpla jabanna dom le déanaí. Bhíodar sásta go n-úsáidfainn an ceanga a bhí acu ansin. Tá mé thar a bheith buíoch mar ar a laghad bhí mé ábalta beagáinín obair a dhéanamh - a bheith so-fheichthe ar líne!

Idir 22 agsu a 31 Eanáir leann cúrsai mar sin. Ni raibh idirlín ná Vodafón againn. Go tobann ar an Aoine tháinig Vodafone thár n-ais. Glaoigh mé ar Airwire arís agus dúradh liom go mbeidh siad thár n-ais i gcionn cúpla lá.

Mí Feabhra:

Bhí Aifreann ar siúl i Séipéal Mhic Dara ar an gCeathrú Rua ar an Domhnach agus bhíodar fós gan cumhacht ansin. Is cosúil nach raibh cumhacht ag an Cnoch (Indreabhán) cé go raibh sé acu ar an Spidéal. Ar an mbóthar soir go Gaillimh bhí cumhacht ag roinnt áiteann agus ní raibh ag ceantair eile. Is cosúil go raibh cúrsaí i bhfad níos measa ar na bailte sna boithre ar chle agus ar dheis.

Thár n-ais!
6 Feabhra:
Coicís nach mór ón Storm tháinig fear ó Airwire agus taobh istigh de uair nó dhó bhí aerog nua curtha suas aige bhí muid ar ais ar líne arís. Seo an briseadh is mó a bhí againn ó chuamar ár line anseo i gConamara breis is fiche bliain ó shin.

Bhí cáil ar Oíche na Gaoithe Móire i m Eanáir 1839, an tubaist ís mó aimsire in Éirinn go dtí seo ach is cosúil gur raibh gaoth Éowyn i bhfad níos measa. Bhí sé go diona anseo i gConamara ach bhí sé go dona i lár tíre chomh maith rud annamh go bhfios dom. Bhí damáiste le feiceál ar díon Tí Mholly in Indreabhán agus ar Séipéal na Forbacha. Thit ceann de na muileann gaoithe ó thuaidh i gCois Fharraige leis bhí an gaoth chomh láidir san. Ach an damáiste is mó thár timpeall orainn na an briseadh ar chumhacht aibhléise and cúrsaí cumarsáide - gutháin & idirlín.

Ní raibh sé ró dhona dúinne anseo ar an gCaoran. Fuaireamar an cumhacht thár n-ais taobh istigh de trí lá agus tá daoine nach bhfuil ró fhada soir nó siar orainn nach bhfuil cumhacht acu go fóill.

Agus anois tá an chuid ceachtanna le foghlaim againn go leir le bheith ullamh do gcéad uair eile mar deireann na saineolaithe go bhfuil sé le teacht.



* Féach: Ceangailte (22/1/2007) - ár gcéad ceangail leis an leathan bhanda!